60 soicind le…
Fiona Ní Fhlaithearta

Láithreoir aimsire TG4, tá cailín Chonamara Fiona Ní Fhlaithearta aitheanta mar dhuine de na stílithe nua is fearr ar scáileán. Mar chruthúnas air sin tá ainmniúchán faighte aici sa rannóg ‘An Duine Nua is Faiseanta’ ag na VIP Style Awards, a bheas ar siúl i mBaile Átha Cliath 24 Aibreán. Labhraíonn Fiona le NÓS faoina seal san Astráil, a gúnaí beaga dubha agus an rud a dhéanfadh sí mar shlí bheatha mura láithreoir í… ní shamhlófá céard é!


1. Cárb as duit?
Is as Camas i gConamara mé.

2. Cad iad na trí rud is fearr faoi bheith i do cheantar dúchais?
Tá mé gar do mo chlann. Is í an Ghaeilge teanga labhartha na háite agus tá an radharc álainn ar fáil i ngach treo.

3. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?
Bhí mé i mo chónaí san Astráil ar feadh cúpla bliain agus thaitin sé go mór liom. Bheadh sásamh ag duine bheith ag ní éadach ann, tá an aimsir chomh hálainn sin!

4. Cad é an rud is fearr i do vardrús?
Mo chuid gúnaí dubha… agus tá neart acu agam!

5. Céard é an rud is craiceáilte a rinne tú i do shaol ar son na Gaeilge?
Ag rith sa mbáisteach le haghaidh Rith 2010.

6. Sraith teilifíse nó scannán?
Sraith teilifíse – The Sopranos. Tá sé thar cionn.

7. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá i do láithreoir?
Ba bhreá liom bheith i mo pharaimhíochaineoir (paramedic).

8. An bhfuil aon aiféala agat?
Ní dhéanaim mo dhóthain aclaíochta ariamh! Tá’n diabhal orm!

9. Céard í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?
Ag dul ar laethanta saoire le mo chlann.

10. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, agus dúil agat iontu, cén sórt oíche a d’eagrófá?
Ó mhaighdean! Dul amach le haghaidh dinnéir, is dóigh. Ach bheinn ag dúil gurb é an duine eile a d’eagródh é.

Fiona-Ni-Fhlaithearta-2

11.Fíon dearg nó fíon geal?
Ní ólaim mórán fíona, ach bán más sin an t-aon rogha.

12. Céard an scannán is fearr leat?
Angela’s Ashes.

13. Céard é an rud is fearr faoi a bheith i do Ghael?
Tá mé in ann a bheith ag obair i TG4!

15.  Cad é an rud is mó a chuireann ag gáire tú?
Searbhas!

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?
Chaithfinn bréagán nó bábóg a cheannach do mo chailín beag ach dá mbeinn ag ceannach dom féin, cheannóinn gúna!

17. Céard í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?
Ba bhreá liom dul ar ais go Meiriceá agus mo chuid gaolta a fheiceáil agus beagán siopadóireachta a dhéanamh dár ndóigh! 😉 Agus ba bhreá liom dul go dtí an Éigipt agus na Pirimidí a fheiceáil.

18. Céard é an t-amhrán is mó a thaitníonn leat?
‘I’ve got you under my skin’ le Frank Sinatra.

19. An bhfuil drochnós ar bith agat?
Gan dul a chodladh in am scaití.

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?
Mo chailín beag a thabhairt ar an saol. Is í bun agus barr mo shaoil í.


Is féidir Fiona a leanúint ar Twitter anseo agus vóta a chaitheamh di i gcomórtas VIP Style anseo.