‘An Focal Scoir’
Sraith nua ag tosú anocht ar BBC2

Cuirfear tús le sraith cainte agus anailíse ar BBC2 anocht, Dé Luain 13 Márta, ag a 10in, a thabharfaidh Gaeil aitheanta le chéile chun plé a dhéanamh ar scéalta móra an lae.

Gach seachtain beidh láithreoir na sraithe, Máire Bhreathnach, i gcuideachta painéil iriseoirí agus tráchtairí sóisialta, ina measc Póilín Ní Chiaráin, an Dr. Art Hughes, Íte Ní Chionnaith agus Áine Ní Bhreisleáin.

Dúirt Antaine Ó Donnaile, léiritheoir an chláir, gur bua na sraithe é an réimse leathan ábhar a bheas idir lámha.

“Is rud nua é An Focal Scoir in aschur Gaeilge an BBC,” ar sé.

“Déanann muid anailís agus plé ar cheisteanna reatha a bhfuil brí agus ábharthacht ag baint leo don phobal, is cuma cé acu Gaeilge, Béarla nó teanga ar bith eile atá acu.”

Ní bheidh an focal scoir ag an phainéal cainteoirí sa stiuideó ná baol air!

Idir na hEalaíona Comhraic Measctha agus deonú organ, beidh tuairisceoir na sraithe, Seán Ó Baoill, (ar chlé) ag bailiú tuairimí ón phobal ar cheisteanna agus ar thopaicí éagsúla gach seachtain.

Below the Radar a bheas ag léiriú na sraithe, an comhlacht céanna a léirigh an tsraith rathúil I lár an Aonaigh a craoladh ar BBC2 le roinnt blianta anuas.