An streachailt ar son na teilifíse Gaeilge ó thuaidh


Agus ceiliúradh á dhéanamh inniu ar an 20 bliain atá TnaG / TG4 ag craoladh, ní mór dúinn cuimhneamh ar an bhóthar chasta a bhí ann leis an stáisiún a fháil ó thuaidh.

I ndáiríre bhí cosc ar chraolachán i nGaeilge sna Sé Chontae go dtí 1981, nuair a chuaigh an chéad chlár Gaeilge amach ar BBC Raidió Uladh.

Thóg sé 10 mbliana eile go dtí go raibh clár Gaeilge ar stáisiún teilifíse an BBC.

Idir an dá linn bhí pobal na Gaeilge ag treabhadh leo ar ndóigh leis an stáisiún raidió ‘bradach’ Raidió Feirste (réamhtheachtaí Raidió Fáilte), agus fiú bhain an mhuintir cheannródaíoch i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich triail as teilifís a chraoladh chomh maith ar feadh tamaill bhig.

B’ábhar inspioráide dóibh Teilifís na Gaeltachta a craoladh i mí na Samhna 1987 ó Chnoc Mordáin i gConamara.

Spreag an iarracht sin bunú an Fheachtais Náisiúnta Teilifíse in 1990.

An bunéileamh a bhí ag an fheachtas seo ná “go mbunófaí bealach teilifíse a fhreastalóidh ar phobail na Gaeltachta agus lucht labhartha na Gaeilge sa tír ar fad, na Sé Chontae san áireamh, agus go mbeadh a lárionad sa Ghaeltacht.”

Sna lár-1990í, agus stáisiún teilifíse Gaeilge ar na bacáin, dúirt an tAire Cumarsáide ó dheas Michael D Higgins go mbeadh suim aige comhoibriú le Rialtas na Breataine le cinntiú gur stáisiún náisiúnta a bheadh ann.

Ní raibh suim ar bith acusan áfach.

Nuair a thosaigh Teilifís na Gaeilge ag craoladh ar 31 Deireadh Fómhair 1996 mar sin, ar an drochuair ní raibh teacht air san oirthuaisceart ach dóibh siúd ina gcónaí cois teorann.

Bhí TnaG féin ar ndóigh ag iarraidh bheith ina stáisiún náisiúnta agus bhí siad ag coimisiúnú cláracha ó chomhlachtaí sna Sé Chontae, ach bhí an cás aisteach ann nach raibh roinnt mhaith léiritheoirí ó thuaidh in ann a gcláir féin a fheiceáil ar an chainéal.

Bhí feachtas ag pobal na Gaeilge ó thuaidh leis an scéal seo a réiteach agus thóg na páirtithe náisiúnacha an cheist leis an dá rialtas sna hidirbheartaíochta ar Chomhaontú Aoine an Chéasta in 1998.

Sa Chomhaontú, gheall rialtas na Breataine “an scóip atá ann chun Teilifís na Gaeilge a chur ar fáil ar bhonn níos forleithne i dTuaisceart Éireann a scrúdú, mar ábhar práinne.”

Cúig bliain ní ba mhoille áfach, ní raibh aon dul chun cinn déanta.

Sa bhliain 2003 rith Rialtas na Breataine an tAcht Cumarsáide agus, cé go raibh tagairtí ann do na meáin Bhreatnaise agus Ghàidhlig, ní raibh trácht ar bith ar an Ghaeilge.

Lean na Gaeil leis an fheachtas agus d’impigh eagraíochtaí ar Rialtas na 26 Chonate níos mó brú a chur ar Rialtas na Breataine.

Ar deireadh, thosaigh TG4 ag craoladh ó Dhuibhis i mBéal Feirste in 2005.

aerogai

Bhí an comhartha lag go leor áfach agus fiú i mBéal Feirste féin bhí deacrachtaí ag daoine an stáisiún a fháil ar an teilifís.

I rith ama bhí Gaeilgeoirí tiomanta ag íoc as aerógaí speisialta le TG4 a fháil ina dtithe ar chostas timpeall £150 an ceann.

Sa deireadh thiar thall ba le forbairt teicneolaíochta a tháinig réiteach ar an scéal.

Leis an aistriú digiteach in 2012 bhí TG4 ar fáil ní ba leithne ar fud na Sé Chontae ná riamh roimhe.

Mar sin, bíodh is go bhfuil TG4 ag ceiliúradh 20 bliain den chraoladh, anocht beidh cuid againn ag ceiliúradh cúig nó deich mbliana de rochtain ar TG4.

Ná caillimis go deo é.