Bí linn don Toy Show beo ar Twitter anocht
le Póilín Nic Géidigh!

Tá deireadh na Samhna ann, tá na soilse lasta i gCeathrú Grafton, tá litreacha ar an mbealach chuig an Mol Thuaidh via na Ceathrún Rua, agus tá Póilín Nic Géidigh ag cuartú na bpitseamaí is compordaí atá aici le haghaidh The Late Late Toy Show a bheidh ar RTÉ One anocht!

Bí linn ar chuntas Twitter NÓS, @nosmag, agus ár gcolúnaí teilifíse Póilín ar an stiúir anocht agus í ag tráchtaireacht beo ar an gclár is fearr le muintir na hÉireann.

Beidh Póilín ag glacadh seilbhe ar chuntas Twitter NÓS anocht agus í ag cur síos ar gach bréagán briste, gach uair a thiteann páiste beo ar an teilifís náisiúnta, agus gach uair a dhéanann Ryan Tubridy amadán de féin ar son na hÉireann. 

Seo an 11ú bliain don Tiobraideach a bheith dár dtreorú i dtreo na Nollag agus máite agus dráite na mbréagán ar taispeáint aige féin agus a chomrádaithe beaga. Beidh sé ar siúl ag 21.35 ar RTÉ One, díreach i ndiaidh RTÉ News, agus beidh teacht ag daoine atá i gcónaí thar lear air trí sheinnteoir RTÉ, ar an leagan deisce agus ar an aip.

Cá bhfios nach as an nGaeltacht a thiocfaidh laoch na bliana seo, cosúil le Domhnall Ó Confhaola as Ros Muc in 2013?

Bí linn mar sin, agus cuir tús oifigiúil leis an Nollaig!