Caoimhe Ní Chathail le dul go ‘Croí na Ceiste’ ina clár nua ar BBC Two NI anocht

Féachfaidh an craoltóir Caoimhe Ní Chathail dul go ‘croí na ceiste’ anocht faoi ghnáthaimh chosmaideacha ar a clár nua faisnéise a chraolfar ar BBC Two NI ag 22.00. m

Labhróidh Caoimhe leis na daoine atá ag gabháil faoi choinne na líontóirí liopaí, an Botox, agus mionobráidí eile lena gcosúlacht a athrú, chomh maith leis na daoine a chuireann na seirbhísí sin ar fáil, ar Croí na Ceiste anocht. Fiosrófar sa chlár freisin cúrsaí sábháilteachta agus na réitigh atá ar fáil do dhaoine nach mbíonn sásta leis an toradh a bhíonn ar an obair. 

Beidh ceisteanna móra na linne á gcíoradh freisin ag Caoimhe agus na haíonna ar Croí na Ceiste – tionchar na meán sóisialta agus an brú a thagann leo ar dhaoine óga an chuma atá orthu féin a athrú, agus an tóir a bhíonn ag daoine óga ar dhea-thuairim a gcairde ar líne.