Corca Dhuibhne ina Dúiseacht ar TG4 – sraith nua faoin dianghlasáil sa Ghaeltacht

Cuirfear tús an tseachtain seo chugainn le sraith nua faisnéise ar TG4 faoin saol mar atá anois i nGaeltacht Chorca Dhuibhne. Taifeadadh Dúiseacht i gCorca Dhuibhne thar thréimhse sé mhí le linn na dianghlasála, ó Bhealtaine go Deireadh Fómhair 2020. 

Is é an craoltóir aitheanta Mícheál Ó Muircheartaigh — a d’iarr ar an náisiún “dúiseacht le dúthracht ag breacadh an lae” agus é ag caint faoin saol faoi dhianghlasáil níos luaithe i i mbliana — a bheidh ina scéalaí sraithe. Chaith Mícheál go leor ama i mbliana ina bhaile dúchais i nDún Síon ar an taobh thoir den Daingean. 

Tabharfar léargas in Dúiseacht ar na dúshláin a bhí roimh lucht gnó i gCorca Dhuibhne i gcaitheamh na bliana agus iad ag dul i ngleic leis an víreas corónach, chomh maith leis na hathruithe móra a tharla i saol na gceoltóirí agus amhránaithe atá ina gcónaí sa cheantar Gaeltachta. 

Bhí an saol i gCorca Dhuibhne thuas seal thíos seal i gcaitheamh na bliana, ó cuireadh cosc ar an taisteal idirchontae san earrach go teacht na gcuairteoirí ina sluaite i lár an tsamhraidh go dtí an dara dianghlasáil ag deireadh an fhómhair. Caithfear súil ar na tréimhsí éagsúla seo le linn na sraithe. 

I measc na ndaoine a fheicfear ar na cláracha éagsúla, a bheidh á gcraoladh ar TG4 ón 19 Samhain ar feadh cúig seachtaine — beidh Muiris Firtéar, tógálaí; Dónal Ó Catháin, tábhairneoir i mbaile an Daingin; an ceoltóir Muireann Nic Amhlaoibh agus a fear Billy Mag Fhloinn; lucht bialainne muintir Fhlannúra, agus an tábhairneoir tuaithe Pól Ó Cuinn i gCeann Trá. 

Craolfar an chéad chlár Déardaoin an 19 Samhain ag 20.00.