Craic Chúlcheamara
Ó dhuine de na haisteoirí breise ar Game of Thrones!

Agus an 6ú sraith de Game of Thrones á craoladh faoi láthair, shamhlófá go bhfuil na hullmhúcháin idir lámha don chéad cheann eile – sin más leid ar bith é an luas faoina ndeachthas i ngleic leis na sraitheanna uilig go dtí seo.

Cé nach bhfuil rud ar bith fógartha go hoifigiúil ag HBO, tá caint láidir ann go mbeifear ag cur tús leis an 7ú sraith tar éis an tsamhraidh.

Ar ndóigh, ní hé Game of Thrones an t-aon mhórshraith dhrámaíochta a bhí á léiriú sna bólaí seo le tamall anuas.

Rinneadh Vikings a thaifead anseo fosta.

Anuraidh, bhí foireann ollmhór aisteoirí breise de dhíth ar léiritheoirí scéal na Lochlannach – 8,000 duine san iomlán!

Mar sin, idir Game of Thrones agus Vikings, tá gach cosúlacht ann go mbeidh tóir ag déantóirí na gclár mór ar thuilleadh aisteoirí breise.

Deis iontach atá ann a bheith páirteach i mórshraith dhrámaíochta!

Ar dhuine acu siúd a thapaigh an deis cheana féin páirt a ghlacadh in Game of Thrones tá cailín na gruaige fada as Béal Feirste, Laura McGowan, a bhí le feiceáil i ngúna álainn glas (05:06 anseo) ag bainis Tyrion Lannister agus Sansa Stark sa 4ú séasúr, agus i bpáirt fiánáin ghránna (wildling) ar an taobh thiar den bhalla fosta sa tsraith a lean.

Labhair Laura linn faoin chraic chúlcheamara agus thug sí barúil mhaith dúinn faoinar féidir a bheith ag súil leis agus tú mar aisteoir breise ar sheit mhórshraith dhrámaíochta!


1) Cairdeas

Friends

Lá fada is ea é. Is féidir a bheith ag súil le 12 uair an chloig a chaitheamh ar an seit.

Caitheann tú an chuid is mó den am sin i do sheasamh nó i do shuí thart i gcuideachta daoine eile nár chas tú orthu riamh.

Bealach iontach é le cairde nua a dhéanamh! Más duine thú a bhainfeadh sásamh as lá i mbun comhráite éagsúla, beidh tú ar do sháimhín só.


2) Mistéir

Friends

Is fíor go n-aithníonn ciaróg ciaróg eile san fhíorshaol, ach ar seit bíonn an uile dhuine gléasta suas!

Imíonn cibé íomhá a éiríonn le daoine a chruthú de nó di féin sa ghnáthshaol.

Ní bhíonn réamhchlaonta ar bith i d’intinn agat agus tá mistéir ag baint leis an uile dhuine!


3) Bia

Good

Tá an bia go hiontach agus is ardú meanman é do na haisteoirí breise go háirithe!

Idir lón, dinnéar agus smailceanna blasta – croissants, scónaí, borróga agus rudaí eile blasta nach iad – tá scoth an bhia ar fáil.

Chuirfeadh sé Tesco um Nollaig i gcuimhne duit, tráth a théann daoine craiceáilte agus iad ag ceannach dá bhfuil ar na seilfeanna as siocair na siopaí a bheith ag dúnadh ar feadh aon lá amháin!

Bíonn an rud céanna le feiceáil i measc aisteoirí breise ar sheit Game of Thrones nuair a thagann an bia amach.

In áit na gciseán a gheofá san ollmhargadh, tá plátaí beaga ann!

Tum isteach. Ná bíodh aon fhaitíos ort!


4) ‘An Cúlra’

Culra

Má shíleann tú gurb é seo an big break a raibh tú ag fanacht leis, ná caill do mhisneach nuair a thugtar ‘An Cúlra’ ort! Is sinne, aisteoirí breise, ‘An Cúlra’.

Ná bí ag súil go mbeidh stádas tábhachtach ar bith agat. Ní insítear don Chúlra in am ar bith cad sa diabhal atá ag dul ar aghaidh, cén t-am a bheidh críoch á chur leis an scannánú don lá, cén t-am a bheidh bia nó smailceanna ar fáil… Ní insítear a dhath dóibh!


5) Rúndacht

Confidentiality

Mar dhuine den Chúlra, níl cead agat labhairt leis an chliar ach amháin má labhraíonn siad leat. Níl cead agat dul a fhad le haisteoir chun síniú a lorg ná féinphic a thógáil leo.

Is gá clásal rúndachta a shíniú sula leagann tú cos ar an seit agus cloí le ráiteas nach scaoilfidh tú aon eolas ná grianghraif ar na meáin shóisialta.

Más leantóir mór thú, seans go mbeidh díomá ort faoi seo, ach is furasta a thuiscint cén fáth a bhfuil na rialacha seo i bhfeidhm acu nuair a fheiceann tú an cliar agus iad ag obair go han-chrua ar feadh laethanta fada, lá i ndiaidh lae.


6) Feisteas

Game of thrones costumes

Ardú misnigh is ea é a bheith ag féachaint thart ar na fir shlachtmhara agus ar na mná dóighiúla, gan amhras.

Más fiánán thú a bhfuil fiacla gránna ort, tá spraoi ag baint leis an lá a chaitheamh gléasta suas chomh maith!

Tá gach uile chuid den fheisteas go hiontach agus ar ardchaighdeán. Bíonn an fhoireann cultacha an-dian faoi.

Thiocfadh leat dhá uair an chloig a chaitheamh sa seomra feistis ar maidin agus ansin chuirfí ar ais thú mura mbeadh tú iomlán i gceart.

Ar chúis éigin, ní fhaigheann tú pá ach amháin don mhéid ama a chaitheann tú ar an seit. Ciallaíonn sé sin nach bhfaighidh tú pingin as do chuid ama sa seomra feistis!


7) Airgead

money

Tá an t-airgead réasúnta maith. Bheifeá ag súil le tuairim is £80 sa lá ó thuaidh – ach ná déan dearmad go bhfuil tú ag obair ó bhreacadh an lae.

Seans go mbeadh ort a bheith istigh ag 5.00rn ach nach mbeifeá ar an seit go dtí 7.00rn. Má théann an taifeadadh ar aghaidh níos moille ná 7.00in, bíonn tú i dteideal am go leith.

Más airgead an t-aon spreagadh, b’fhearr duit obair eile a fháil nach mbeadh chomh dian ó thaobh uaireanta de.

Más spraoi, cairde nua, eispéireas éagsúil atá uait, beidh luach ar leith leis an obair seo, nach mbaineann le hairgead.