Éire ón Aer
le craoladh ar an chainéal úr 'be3'!

Taispeánfar áilleacht na tíre ón aer sa scannán faisnéise nua Aerial Ireland anocht ag 9in ar ‘be3’, an cainéal úr de chuid TV3.

Titeann Aerial Ireland isteach sa seánra nua scannánaíochta a dhéantar le ladrainn (aerfheithicil bheag gan foireann).

Anuas ar na radhairc áille, is léiriú iontach atá sa scannán faisnéise, dar le Tile Films, ar scéal agus ar stair na hÉireann atá le feiceáil go follasach sa tírdhreach.

Ó ghleannta galánta, cóstaí aoibhne agus spéartha ildathacha go tírdhreacha cianaosta agus dúnta réamhstairiúla, tabharfar léamh speisialta sa chlár seo ar Éirinn, trí shúile na n-éan.

Is é an scannánóir Stephen Rooke ó Tile Films, atá lonnaithe i mBÁC, a stiúir an clár.

Tá mórán clár i nGaeilge agus i mBéarla léirithe ag Tile Films, mar atá Waterways, Saving the Titanic agus Éirí Amach Amú.

Tá an cainéal nua be3, ar a dtugtaí UTV Ireland air tráth, ag craoladh ar na hardáin uile ó mhaidin.

Seo chugaibh 5 radharc áille a bheas le feiceáil ar sheoidchlár na hoíche Aerial Ireland.


1) An Mullach Mór, Sligeach


2) Calafort Bhaile Átha Cliath, BÁC


3) Cuan Mó, Maigh Eo


4) Ceann na Cruaiche, Na Rosa, Dún na nGall


5) Cuas an Ghainimh, Baile Átha Cliath