Éist leis an bhfear aimsire seo ó Channel 4!


Mheall fear aimsire moladh ollmhór dó féin ar ghréasáin shóisialta inné nuair a thug sé faoi cheann de na logainmneacha is faide ar domhan a rá beo ar an aer – agus ní raibh caill ar an iarracht!

Llanfairpwllgwyngyllgogerychwyrndrobwlll­lantysiliogogogoch lonnaithe in Inis Môn, iar-thuaisceart na Breataine Bige, agus bhí leithscéal ag Liam Dutton, arb as Caerdydd dó ó dhúchas, é a rá mar go raibh sé ar na háiteanna is teo sa Bhreatain inné.

Bheadh deacracht ag an chainteoir is flúirse Breatnaise an logainm ar fad a rá gan aon stad, ach d’éirigh le Dutton gan aon stró.

Féach an miongháire beag air féin díreach i ndiaidh dó é a rá… da iawn!