Feimineach a dúnmharaíodh in 1916
clár úr faoi 'Skeffy' ar TG4 anocht


Inseofar scéal an fheiminigh agus an tsíochánaí, Francis Sheehy Skeffington, i gclár faisnéise nua anocht ar TG4 ag 9.30in.

“Léamh eile ar fad” atá sa chlár, ar na blianta a tháinig roimh Éirí Amach 1916, dar leis an léiritheoir Déaglán Ó Mocháin.

Síochánaí, feimineach agus iriseoir ba é Frank Sheehy Skeffington, ar dhúnmharaigh Arm na Breataine go tragóideach é le linn sheachtain Éirí Amach na Cásca in 1916.

“B’fhinné é Frank ar bhomaití tábhachtacha i stair na hÉireann – cara le James Joyce a bhí ann, comhghleacaí le James Connolly agus céile Hanna Sheehy Skeffington, an gníomhaí feimineach ba mhó in Éirinn,” arsa Déaglán.

“Cuimhnítear ar Frank anois mar íobartach 1916, ach bhí ról an-tábhachtach aige mar ghníomhaí, mar shíochánaí agus mar scríbhneoir, go háirithe leis an Irish Citizen.

Bhain sé an-chuid amach ina shaol gairid: fear a bhí lárnach in imeachtaí Fhrithdhúnadh Bhaile Átha Cliath 1913 agus i mbunadh Arm Cathartha na hÉireann sa bhliain chéanna, cé gur éirigh sé as nuair a glacadh le cur chuige níos míleata.

Bhí baint mhór aige san fheachtasaíocht ar son féinrialaithe agus chaith sé 6 mhí i ngéibheann as seasamh a thógáil in éadan na hearcaíochta isteach san arm nuair a bhris an an chéad chogadh domhanda amach.

Bhí sé an-ghlórach ar cheist na mban, mar a bhí a chéile, Hannah.

Léirigh sé a dhíomá i litir oscailte go Thomas MacDonagh, nuair nár ceadaíodh mná isteach sna hÓglaigh.

“Ba léiriú é an cinneadh seo, dar le Frank, go raibh MacDonagh agus na ceannairí eile ag éisteacht leis an dream ba choimeádaí sa ghluaiseacht náisiúnta agus go raibh scrios á dhéanamh uirthi dá bharr,” a dúirt Déaglán.

“Mar a tharlaíonn sé, bhí an ceart aige!

“Na daoine ba choimeádaí a tháinig i gcumhacht nuair a bunaíodh an Saorstát agus ní fada ina dhiaidh sin gur baineadh cearta ó mhná.

“Ní raibh cead ag mná suí ar ghiúiré ó 1927, rud nár cuireadh ina cheart go dtí na 70í.

“Seisear bean a bhí tofa in 1921, níor sroicheadh an figiúir sin amach arís go dtí 1977.”


Craolfar Sheehy Skeffington: Síochánaí anocht, 8ú Márta, ag 9.30pm ar TG4.