Gaeilge Mhanann ar Channel 4!
An éagsúlacht á ceiliúradh ag Manannaigh óga!


Tá páistí óga as Oileán Mhanann le feiceáil ar Channel 4 Shasana faoi láthair agus cláracha á gcur i láthair acu ina dteanga dhúchais féin.

Is mar chuid de ‘Voices of 4’, scéim atá á reáchtáil ag an stáisiún, atá an deis iontach seo faighte ag daltaí óga as an Bhunscoill Ghaelgagh, an t-aon scoil Mhanainnise ar domhan.

Ceiliúradh ar an éagsúlacht atá sa togra agus tá ardán á thabhairt do dhaoine ó gach cineál cúlra a bhfuil ceangal acu leis an uimhir 4.

Tháinig criú ó Channel 4 chomh fada leis an scoil Ghaeilge i mBalley Keeill Eoin (Baile Chill Eoin, nó St John’s) ag tús mhí na Samhna agus thaifead siad daltaí ina n-aonair agus mar rang ag cur cláracha éagsúla i láthair i nGaeilge Mhanann.

Ó shin, tá míreanna craolta ar an stáisiún agus bhí páistí Rang 4 le feiceáil sa seomra ranga agus iad ag rá “Is muidne Rang 4 ag Bunscoill Ghaelgagh, an t-aon bhunscoil Ghaeilge Mhanann sa saol. Agus seo anois Na Simpsons”.

larbunscoill

Dúirt Príomhoide Bhunscoill Ghaelgagh, Julia Mathews, go bhfuil pobal na scoile agus na teanga ar bís faoin Ghaeilge s’acu a chloisteáil ar Channel 4.

“Is iontach an rud é go gcluinfear Gaelg á labhairt ar bhealach spraíúil ar Channel 4,” ar sise.

“Oibríonn ár gcuid páistí go dian le líofacht a bhaint amach i nGaeilge Mhanann agus is ceannródaithe iad san athbheochan atá á déanamh ar an teanga.”

Bunaíodh an bhunscoil sa bhliain 2001 agus tá fás nach beag i ndiaidh theacht uirthi ó shin le timpeall 70 dalta anois ag freastal ar an scoil.