Mná an Cheoil
á gceiliúradh anocht ar TG4!

Anocht ag 10in ar TG4 craolfar an chéad chlár sa tsraith nua ‘Mná an Cheoil’, a dhéanann ceiliúradh ar theacht chun cinn na mban i saol an cheoil thraidisiúnta.

Sa tsraith 6 chuid seo, a léirigh Sonas Productions, tugtar léargas ar oidhreacht na mban sa cheol traidisiúnta a bhaineann le sé uirlis cheoil ar leith.

Trí shúile cheoltóirí mná ár linne a insítear an scéal seo agus beidh scoth an cheoil le cloisteáil uathu.

Ina measc siúd a bheidh i mbun ceoil agus cainte, beidh Brighid Ní Ghabhra, as Gleann Cholm Cille i nDún na nGall, sárbhoscadóir atá i mbun ceoil ó 1930; mná Macalla (thíos), Aoife agus Deirdre Granville, fifeadóirí an Daingin; Muireann Nic Amhlaidh, Máiread Ní Mhaonaigh, Edel Fox, na deirfiúracha ceolmhara Louise agus Michelle Mulcahy (thuas) agus go leor leor eile!

macalla

Sa lá atá inniu, tá cleachtadh againn ar mhná a fheiceáil ar an stáitse ach léirítear sa tsraith seo nach amhlaidh a bhí i gcónaí.

Déantar scagadh ar na cúiseanna nach raibh mná chomh feiceálach sin i saol an cheoil agus léirítear gur éirigh le corrbhean briseadh tríd a dhéanamh.

Insítear scéal leithéidí Rose Mooney, an t-aon bhanchruitire i measc na bhfear ag Féile na gCruitirí Bhéal Feirste 1792; Bridget Kenny, ‘Banríon na bhFidléirí’, a raibh a hainm in airde ag tús an chéid seo caite; agus Ann ‘Ma’ McNulty, ceann feadhna The McNulty Family, banna a bhain clú agus cáil amach i Meiriceá sna 1930í.

Laoise

Scéal mhná na cruite atá faoi chaibidil sa chéad chlár.

Is spéisiúil gur uirlis í an chruit a samhlaíodh le fir ba mhó in aimsir na n-uaisle Gaelacha ach gur tháinig athrú ar an scéal ó d’éag an traidisiún cruitireachta.

Léirítear sa chlár seo an ról ceannródaíoch a bhí ag mná ar nós Róisín Uí Thuama, Máirín Feiritéar agus Gráinne Yeats san athbheochan a rinneadh ar an uirlis sna 50í agus cluintear ceol ó chruitirí den scoth sa lá inniu, amhail Michelle Mulcahy, Laoise Kelly, Elaine Hogan, Aibhlín McCrann agus níos mó.

Bígí ag súil le scoth an cheoil ó thús deiridh… na mná abú!

Déanfar clár #1 a chraoladh arís Déardaoin seo chugainn ag 8in ar TG4.