‘Na ceoltóirí agus amhránaithe is fearr sa tír’ le feiceáil ar Ceol Ó Kylemore TG4

Craolfar clár speisialta ar TG4 an deireadh seachtaine seo ina ndéanfar ceiliúradh ar cheol na mban. Ar an 31 Eanáir, Oíche na Féile Bríde, a chraolfar an clár a taifeadadh i Mainistreach na Coille Móire i gConamara ag deireadh na bliana seo caite. 

Is í an t-amhránaí as Cois Fharraige i nGaeltacht na Gaillimhe, Síle Denvir, a chuirfidh an clár Ceol Ó Kylemore i láthair Dé Domhnaigh agus beidh píosa ceoil ann a coimisiúnaíodh go speisialta ó Josephine Marsh ar an mbosca ceoil agus Liz agus Yvonne Kane ar an bhfidil. 

I measc na gceoltóirí agus amhránaithe eile mná a bheidh ar an scáileán beag ag an deireadh seachtaine beidh Moya Brennan, Mary Bergin, Caitlín Nic Gabhann Laoise Kelly, Cathy Jordan, Pauline Scanlon, Nicola Joyce, Noriana Kennedy, Sibéal, agus ‘An Chéad Ghlúin Eile’ – Étain agus Máire Ní Churraoin. 

Clár uair an chloig a bheidh ann, a chraolfar ag 21.30 Dé Domhnaigh an 31 Eanáir.