Pioc do Ride
Paisean Faisean ar rothaí!


Nach iontach an áis í an débhríocht in amanna?

Sin an rud a rith linn anseo in oifigí NÓS nuair a fuair muid amach faoi shraith nua chleamhnais atá á forbairt i láthair na huaire do TG4.

‘Pioc do Ride’ is teideal dó agus is é an cur chuige ná go mbeidh ar bhean atá ag lorg grá, nó spraoi, fear a roghnú bunaithe ar an gcineál cairr atá aige agus ar a chumas tiomána.

An comhlacht Duibhlinneach El Zorrero Films atá i mbun an chláir agus tá siad anois ag lorg daoine chun páirt a ghlacadh ann.

“An tiománaí singil tú atá ag lorg comhphíolóta?” a deir poiblíocht na sraithe.

“Ar éalaigh an grá uait trasna na daise roimhe seo cheana?

“Má d’éalaigh, is tusa an té atáimid á iarraidh don gclár nua cúirtéireachta seo!”

Dar leis an gcomhlacht gur “cuma cé chomh mór is atá d’inneall nó an tiománaí maith nó olc tú”, tá siad ag iarraidh cloisteáil ó aon fhear nó bean a mbeadh suim acu bheith sa tsraith agus a ride a phiocadh.

Más dóigh leat mar sin go mbainfeá sult as, nó gur féidir leat duine a mheas de réir na rothaí atá acu, tabhair cuairt ar piocdoride.ie, seol rphost chuig piocdoride@gmail.com nó lean an clár ar Twitter @piocdoride.

Ádh mór! Bhrúm Bhrúm!