Saol an Mhadra Bháin
Mise agus mo mhadra cabhrach

Sa bhliain 2008, cúpla seachtain roimh dom an Ardteist a dhéanamh, chaill mé neart mo chos. Thug mo thuismitheoirí chuig an ospidéal mé, áit a bhfoghlaimíomar go raibh fadhb thromchúiseach le mo dhroim, agus go mbeadh orm dul faoi scian. 

Mhínigh an dochtúir dúinn go raibh fadhb le cuid de mo veirteabraí agus go raibh cuid acu briste. Chomh maith leis sin, bhí cúpla diosca sciorrtha agam, agus bhí an galar dromlaigh, an scolóis, orm.

Faraor, níor éirigh leis an gcéad obráid sin, agus bhí orm dul faoi scian arís. Thar na blianta, bhí go leor obráidí móra agam, agus de bharr deacrachtaí, fágadh le gortú an chorda dromlaigh mé agus gortú inchinne. 

Taobh istigh de nóiméad amháin, athraíodh mo shaol go hiomlán. Ní raibh mé in ann siúl agus bhí orm brath ar dhaoine eile chun gach rud a dhéanamh dom. Bhí sé seo an-deacair mar ba dhuine an-neamhspleách a bhí ionam, agus bhí náire orm cabhair a lorg ó dhaoine eile. 

Ansin chuala mé faoi Irish Dogs for the Disabled, carthanacht a dhéanann traenáil ar mhadraí cabhrach do dhaoine faoi mhíchumais fhisiciúla. Rinne mé teagmháil leo agus go luath ina dhiaidh sin thaistil mé go Corcaigh chun bualadh leo. 

Cuireadh ar an liosta mé chun madra a fháil tar éis dom measúnú a dhéanamh. Cúpla mí ina dhiaidh sin, tugadh cuireadh dom teacht go Corcaigh chun traenáil a dhéanamh le labradúdal darbh ainm Bart.

Ar dtús, bhí eagla orm mar gur madra ollmhór a bhí ann. D’fhoghlaim mé go tapa, áfach, gur madra álainn, séimh a bhí ann freisin. I rith na seachtaine sin, d’fhoghlaim mé conas aire a thabhairt do Bart agus conas orduithe a thabhairt dó. 

Elizabeth McNicholas agus a madra cabhrach

Ag an am sin, bhí mé fós in ann siúl beagáinín, agus bhí Bart in ann cabhrú liom fanacht ar mo chothrom agus dul i ngleic le staighrí agus bacanna eile.

Ansin nuair a chaill mé an cumas siúil go hiomlán, chabhraigh sé liom gníomhaíochtaí éagsúla laethúla a dhéanamh. Mar shampla, m’éadaí a chur orm agus iad a bhaint, soilse a lasadh agus a mhúchadh, doirse a oscailt agus a dhúnadh, rudaí a phiocadh suas ón urlár agus cabhair a lorg má bhí rud éigin mícheart liom — rudaí a bhí an-deacair a dhéanamh sa chathaoir rotha. 

Chomh maith leis sin, compánach iontach a bhí ann. Bhí gach rud níos fearr le Bart taobh liom. Faraor, tar éis seacht mbliana ag obair le chéile, cailleadh Bart go tobann i mí an Mheithimh 2018. Bhí mé croíbhriste gur chaill mé an cara is fearr liom, ach bhí a fhios agam go mbeadh Bart ag iarraidh go bhfaighinn madra eile. 

Cuireadh ar an liosta mé chun madra nua a fháil, agus i mí Lúnasa 2018, chuir Jennifer Dowler, príomhoifigeach feidhmiúcháin an charthanais, glaoch orm chun a rá liom go raibh madra nua réidh dom. 

Isobel an t-ainm atá ar an madra nua, agus is Golden Retriever í. Go luath ina dhiaidh sin, tháinig Isobel abhaile liom, agus rinneamar traenáil le chéile. Madra álainn atá inti, agus tá pearsanacht iontach aici. Tá sí an-spraíúil agus grámhar, agus is breá léi a bheith ag obair. 

Cosúil le Bart, cara iontach atá inti, agus cuireann sí meangadh gáire ar m’aghaidh gach uile lá. 

Madraí an-speisialta atá iontu agus tá mé an-bhuíoch de Irish Dogs for the Disabled as ucht na hoibre ar fad a dhéanann siad chun na madraí seo a chur ar fháil do dhaoine faoi mhíchumais fhisiciúla ar fud na tíre. 


Beidh sraith nua TG4 Saol an Mhadra Bháin ag tosú amárach, an 27 Samhain ag 21:30. Beidh scéal Elizabeth á insint Dé Céadaoin an 4ú Nollag.