Scéalta Grá Mhíchíl Uí Choileáin agus laochra eile na hÉireann le cíoradh ar TG4 anocht

Cuirfear tús anocht le sraith nua ar TG4 ina gcíorfar scéalta grá mhórlaochra na hÉireann: leithéidí Ghráinne Mhaol, an taoiseach Gaelach; Mícheál Ó Coileán, an polaiteoir agus fear cogaidh; agus Oscar Wilde, an scríbhneoir. 

Scéal an Choileánaigh agus a ghrá geal Kitty Kiernan a bheidh faoi chaibidil ar chlár na hoíche anocht, ina n-iniúchfar castacht an chaidrimh a bhí ag an gCoileánach leis an mbean ar thug sé lámh agus focal di agus an cara ab fhearr leis, Harry Boland.

Sheol an Coileánach agus Kitty 300 litir chuig a chéile i gcaitheamh Chogadh na Saoirse agus caithfear súil, tríd an gcomhfhreagras sin, ar an ngrá a bhí acu dá chéile agus Mícheál ar dhuine de na daoine ba thábhachtaí i saol na polaitíochta in Éirinn ag an am. 

Ar na lánúineacha eile a bheidh faoi chaibidil ar an tsraith nua, a rinne Bo Media do TG4, beidh Robert Emmet agus Sarah Curran; Oscar Wilde agus Alfred Douglas, caidreamh a chuir deireadh le cáil agus saol Wilde; Art Ó Laoghaire agus Eibhlín Dubh Ní Chonaill, an bhean a chum an dán aitheanta Caoineadh Airt Uí Laoghaire; Maud Gonne agus WB Yeats; agus ar deireadh an taoiseach Gráinne Ní Mháille agus Risteárd an Iarainn.