Súil siar ar Game of Thrones
Cad a d'fhoghlaim muid ó shraith 6?

Agus clár deiridh na séú sraithe de Game of Thrones craolta, féachann Eoin P. Ó Murchú siar ar an méid a thit amach agus caitheann sé súil chun cinn ar a bhfuil le teacht fós.

* AIRE!! Tá an t-alt seo dorcha agus lán le millteoirí scéil! 


Tháinig an geimhreadh mar sin, agus tá an chuma ar chúrsaí go bhfuil an cluiche mór ag druidim chun deiridh anois.

Seo roinnt ábhar atá á bplé ó craoladh an clár deiridh.

Cé mhéad eagrán eile de GOT a bheidh ann?

Tá seans ann nach mbeidh ach dhá shraith eile den chlár domhanda seo ann agus go mbeidh níos lú ná an gnáthmharatón de 10 gclár i ngach sraith acu! 🙁

Seans fiú nach mbeidh ach 13 chlár eile ann san iomlán.

Chuir seo díomá orm, cé go dtuigim gur gá go dtiocfaidh deireadh leis an gclár uair éigin.

Ar a laghad, tá tús curtha leis an 7ú sraith agus tá sí le bheith réidh le craoladh i mí Aibreáin, 2017.


Rhaegar + Lyanna = Jon

got a do

Is cosúil ar deireadh thiar go bhfuil tuar tagtha faoin tairngreacht gur fíor do R + L = J.

Mar sin de, ní mac Ned Stark é Jon in aon chor ach mac dheirfiúr Ned, Lyanna, agus Rhaegar Targaryen (mac an rí bhuile agus deartháir Daenerys).

Ní bastard é Jon i ndeireadh na dála.

Fágann seo gur dócha go mbeidh an-tacaíocht aige nuair a thagann an scéal seo chun solais, go háirithe toisc go bhfuil lucht an tuaiscirt anois tar éis tacaíocht a gheallúint do ‘Rí sa Tuaisceart’.


An saol mór os do chomhair amach

got a do b

An chruinneog a fheiceann Sam sa leabharlann sa Daingean (Citadel), is í an ceann céanna í atá le feiceáil sna creidiúintí ag tús an chláir!


Cluiche na Corónach

got

Luadh anuraidh go raibh an leabhar le foilsiú ach bhí díomá ar éinne a bhí ag súil leis mar nár chuala muid aon rud ó shin.

Ní léir cén fáth a bhfuil moill air, ach tá súil againn go bhfoilseofar é roimh Nollaig na bliana seo.


Cath na mBastard

battle bastards

Taifeadadh an radharc mór catha sa chlár ‘Battle of the Bastards’ i dTamhnaigh Naomh, atá gar do Bhéal Feirste.

Seans go raibh sé ar na cláir is spleodraí ar fad, 60 nóiméad den chath is fuiltí agus is barbartha atá feicthe againn ar GOT fós.

Bhí costas 10 milliún dollar air. Ghlac sé mí, nach mór, lena thaifead agus baineadh úsáid as na sluaite capall agus daoine lena dhéanamh.

Is féidir an sneachta bréagach a fheiceáil thuas.


❤ Daenerys ❤ Tyrion ❤?

got copy

An bhféadfaidh sé go mbeidh grá ann idir Daenerys agus Tyrion?

Sa chlár deiridh d’admhaigh Tyrion go gcreideann sé inti agus lean sise a chomhairle. Déanann sí lámh na Banríona as agus bronnann dealg dheas air chomh maith.

An féidir le héinne stop a chur leo?


Díoltas: Pióg fhuar

arya

Baineadh díoltas ceart críochnaithe amach as an mBainis Chródhearg sa chlár deiridh. Faigheann Walder Frey amach go bhfuil a chuid mac ite aige, laistigh de phióg.

Ansin tagann sé chun solais gur Arya atá taobh leis, réidh lena scornach a ghearradh.

Ar a laghad tá tábhacht le scéal an fhir gan aghaidh ar deireadh!


Comhairle Uncail Benjen

Benjen lar

Labhraíonn Benjen ar an mballa agus deir sé, “While it stands, the dead cannot pass.”

An ionann é sin agus a rá go mbeidh an balla á leagan ag na White Walkers go luath?

Pé rud é, is cinnte go mbeidh sé ina chogadh dearg idir na daoine daonna agus an slua geal marbh seo.


Caidreamh idir Jaime agus Cersei athraithe?


bean

Filleann Jaime ar King’s Landing agus tugann sé faoi deara go bhfuil Cersei imithe le craobhacha ar fad ar fad.

Ba dhóigh leat go bhfuil eagla air roimpi agus í suite anois sa bhanríonchathaoir.

Tá tuar tagtha faoi thairngreacht eile faoi Cersei, is é sin go mbásódh a clann pháistí roimpi féin.


Tá Daenerys fhionn ag teacht thar sáile…

finale

Ná déanaimis dearmad go bhfuil Daenerys agus míle long ar a mbealach go Westeros agus go bhfuil longa ó thithe Tyrell agus Martell in éineacht léi.

Ní fada uaithi an chathaoir sin, shamhlófá!