Taispeántar Éire mo linne agus scéal mo ghlúine ar ‘Normal People’
léirmheas le hEoin Ó Catháin

Tuigim go bhfuil sibh bréan den chaint, den anailís, den chonspóid, den phlé a tháinig leis an tsraith iomráiteach Normal People le seachtain anuas, ach fad is atá muid ag fanacht sa bhaile le linn na dianghlasála (agus ag fanacht ar an gcéad chlár eile a mbeidh muid gafa leis) beidh muid ag caint air agus ar an gcóiriú teilifíse atá déanta de leabhar cáiliúil Sally Rooney.

Caithfear a rá go bhfuil an clár i mbéal an phobail — agus cinnte i mbéal lucht éisteachta Liveline, a rinne plé ar an gclár ar feadh cúig nóiméad is seachtó an tseachtain seo caite — agus daoine ag glaoch isteach á chur i gcomparáid le scannán pornagrafaíochta. 

Léirigh cuid den lucht pléite déistin ina leith – iad ag clamhsán go ndeachaigh beirt déagóirí ag bualadh craicinn chomh sciobtha sin tar éis caidreamh a thosú, sciar eile á mholadh toisc go ndearnadh plé ar ábhair thábhachtacha – cúrsaí collaíochta, tionchar na bulaíochta, comhthoil agus coiscíní, mar shampla. 

Glactar leis go forleathan gur éacht atá déanta ag foireann léiriúchain, scríbhneoireachta agus aisteoireachta an chláir. D’fhéadfainn alt iomlán a scríobh ar shár-aisteoireacht na beirte a bhfuil na príomhróil acu — Connell trína chéile leis an gcomhairleoir! Marianne faoi bhláth i gColáiste na Trionóide! – ach tá tábhacht agus saibhreas an chláir bunaithe ar rud atá níos doimhne, nach mbaineann le aisteoir nó stiúrthóir amháin, ach leis an scéal féin, agus an áit agus an cultúr a mhúnlaíonn é.

Scéal thar a bheith simplí – cailín saibhir, buachaill daibhir – can I make it any more obvious? Romeo agus Juliet Shligigh, d’fhéadfaí a rá. 

Ach ní dheachaigh an clár i bhfeidhm orm toisc an scéil, ach b’fhéidir toisc an tsuímh. Thaitin sé thar cionn liom toisc gur aithin mé mé féin i gcuid de na carachtair, go bhfaca mé mo thaithí féin mar mhac léinn neirbhíseach ag tabhairt faoin gcathair agus faoin ollscoil den chéad uair ag aois óg ann, gur mhothaigh mé an phian agus an míchompord ionam féin nuair a rinneadh beag is fiú den fhear tuaithe ag dinnéar uasaicmeach sa chlár. 

Bhí na deora liom agus na carachtair ag filleadh ar an séipéal áitiúil do shochraid, agus mé ag cuimhneamh ar na daoine óga ar aithne agam a chuir lámh ina mbás féin toisc gur mhothaigh siad as bealach, in áit na leathphingine, ar an imeall.

Agus an leabhar á léamh agam, agus arís le linn dom breathnú ar an gclár, rith sé liom go dtuigeann Sally Rooney sochaí na hÉireann. Scríobhann sí ar mhionrudaí nach dtabharfadh údar eile faoi deara – an fhaitíos a bhíonn ort nach n-iarrfadh éinne chuig an Debs tú, caint shúgach phléisiúrtha le cairde, gloine fíona agus toitín, tar éis oíche ar an drabhlás, an croitheadh truamhéalach láimhe sin ag sochraid – tuigeann sí muid. 

Ní raibh orm téarmaíocht, nathanna cainte nó canúintí eachtrannacha a fhoghlaim nó a thuiscint le féachaint ar an gclár – rud a dhéanann Éireannaigh go nádúrtha agus go neamh-chomhfhiosach de ghnáth. 

In áit sin, ba iad na Breatnaigh a bhí ag cur na gceisteanna orainne, a bhí ag iarraidh míniú a fháil ar ár gcultúr agus ar ár sochaí, a bhí ag teacht ar an tuiscint nach ionann an dhá oileán, go bhfuil ár mbealach féin againn, go bhfuil scéalta dá gcuid féin le hinsint againn. 

D’éirigh le Rooney, ina leabhar agus sa chlár bunaithe air, Éire mo linne a thaispeáint, scéal mo ghlúine a roinnt agus ábhair a bhaineann linn a phlé. 

Ná cailligí an tsraith seo, cá bhfios cén uair eile a n-inseofar ár scéal?