Tar go dtí an Klondike!
Sraith úr le tosú ar TG4 anocht

“Ór, gunnaí, capaill, tithe tábhairne, cearrbhachas agus striapacha”… labhair Dara Devaney, duine de phríomhaisteoirí An Klondike le NÓS faoin tsraith úrnua drámaíochta le Abú Media a bheas á craoladh ar TG4 anocht.


Oíche anocht ar 9.30in a chraolfar An Klondike, a leanann aistear na ndeartháireacha Connolly ó mhianaigh Montana go Gleann Yukon, Ceanada, agus iad ar thóir an óir.

Suite ag deireadh an 19ú céad, aimsir na hÓrthóraíochta, is seoid mhór í an tsraith ceithre chuid seo i sceideal fómhair TG4 i mbliana.

Mar a rinneadh le An Bronntanas anuraidh, tá leagan scannáin den tsraith faoin teideal céanna déanta chomh maith a bhfuil ardmholadh faighte aige.

Faoi láthair, tá sé ar taispeáint san Eye Cineama, Gaillimh agus seachtain eile curtha lena thréimhse sa phictiúrlann mar gheall ar an oiread spéise atá léirithe ann.

Cé go bhfuil an leagan scannáin feicthe ag an aisteoir Dara Devaney níos luaithe i mbliana ag Féile Scannáin na Gaillimhe agus ag taispeántas IFTA i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo caite, tá sé (mar atá muidne!) ag súil le tiúineáil isteach anocht le breathnú ar an tsraith den chéad uair.

“Tá i bhfad níos mó le feiceáil sa tsraith agus go leor scéalta cniotáilte isteach lena chéile. Go ginearálta díríonn an scéal ar thriúr deartháireacha as Ros Muc, atá thall i gCeanada,” arsa aisteoir Chamuis, atá i bpáirt Séamas Connolly.

An Klondike2

Is iad Owen McDonnell (Single-Handed/An Bronntanas) agus Sean T. Ó Meallaigh (Rásaí na Gaillimhe/Na Cloigne) atá i bpáirteanna na ndeartháireacha eile.

Mar a bhíonn sna scannáin agus sa saol, mhínigh Devaney go bhfuil na carachtair an-éagsúil óna chéile.

Tá an deartháir is sine (McDonnell) ciúin ciallmhar agus is duine stuama cráifeach é an deartháir is óige, curtha i láthair ag O’Meallaigh.

I lár báire, tá Séamus Connolly.

“Réitím go maith le daoine ach tá mé in ann a bheith sách craiceáilte agus fiáin,” arsa Dara.

“Déanaim rudaí go tobann agus scaití ní bhíonn mórán idir an dá chluais agam.

“Tarraingím go leor trioblóide orm féin agus ar an mbeirt eile.”

Leanann na deartháireacha Connolly Séamas, a bhfuil ‘mapa mistéireach’ ina sheilbh aige go dtí an Dominican Creek, baile garbh ‘gan dlí’ atá i bhfad amach ó aon áit eile.

“Sin an uair a thosaíonn an chraic uile. Sin an áit a bhfaightear ór, gunnaí, capaill, tithe tábhairne, gambláil agus striapacha.”

Tógadh an seit taobh amuigh d’Uachtar Ard na Gaillimhe, áit a ndearnadh an mhórchuid den taifead thar thréimhse dhá mhí an t-am seo anuraidh.

“Bhí an triúr againn inár gcónaí le chéile le linn an taifid agus cé nach bhfuil muid go díreach ar nós na gcarachtar níl muid milliúin míle uathu. Tá an dinimic chéanna ann,” ar seisean le gáire.

Dúirt Dara gur “deis iontach í” a bheith ag obair le stiúrthóir agus eagarthóir an léiriúcháin Dathaí Keane agus go raibh an fhoireann go mór taobh thiar den iarracht.

“Thaitin sé linn a bheith ag obair leis an stiúrthóir Dathaí Keane. Ba chuma leat a bheith suite san fhuacht, gan stitch ort ar feadh uaireanta an chloig. Bhí an-fhoireann ann agus cheap muid ar fad go raibh muid ag déanamh rud éigin maith.”

Ón réamhbhlaiseadh seo thíos, dealraíonn sé go raibh an ceart acu.

Ná caill An Klondike anocht ar TG4 ar 9.30in… yee haa!


Breis eolais faoin tsraith ar anklondike.com