‘The Toy Show’ agus scoth na seachtaine teilifíse
le Póilín Nic Géidigh

Dé Céadaoin 27 Samhain

Saol an Mhadra Bháin — 21:30 ar TG4

Ed Harper and Izzy. Picture Conor McCabe/

Tabhrann clár a haon den tsraith seo léargas dúinn ar shaol na madaidh oibre in Éirinn agus an cúram leighis a thugann siad dona húinéirí. Insítear scéalta na ndaoine a bhfuil madadh oibre de dhíth orthu agus caidé mar a éiríonn leo ó lá go lá. Clár a dó le feiceáil Dé Céadaoin seo chugainn. 

Déardaoin 28 Samhain

Elton John: Uncensored – 22:00 ar BBC One

San agallamh seo idir Graham Norton agus an réalta ceoil Elton John, labhraíonn sé faoin gclú domhanda a tháinig air sna 1970í. Chomh maith leis sin, roinneann sé a chuimhní ceoil óna 80idí agus na 90idí, pléann sé a chuid fadhbanna andúile, agus an dóigh ar éirigh leis iad a shárú le bheith ar cheann de na hamhránaithe aonair is rathúla agus is cáiliúla ar domhan.

Dé hAoine 29 Samhain

The Late Late Toy Show — 21:30 ar RTÉ One

***Embargoed untill 30/11/2018*** Repro Free: 29/10/2018 The theme of this year’s Late Late Toy Show was revealed to be The Greatest Showman. Host Ryan Tubridy and the cast of hundreds have prepared for the most magical night of the Irish television. Picture Andres Poveda

Tá an Toy Show ar ais! Bígí réidh don chraic uilig idir Ryan Tubridy agus a chomhghleacaí óga agus iad ag plé na mbréagán is úire agus is fearr le ceannacht don Nollaig i mbliana. Socraígí isteach le tae agus milseáin agus ullmhaígí sibh féin don oíche is mó den bhliain do pháistí, leis an téama bunaithe ar Frozen 2 i mbliana. (Chuirfinn deich euro air go ngléasfaidh Ryan é féin mar Olaf) 

Dé Sathairn 30 Samhain

The Holiday — 21:30 ar RTÉ 2

Achan uile bhliain, bíonn scannán ag duine a chuireann a chroí sa Nollaig, agus domhsa, sin The Holiday. Scéal rómánsúil, áit a ndéanann Cameron Diaz agus Kate Winslet malairt ar a saol agus a dtithe don Nollaig, idir Meiriceá agus Sasana. Tá Jack Black agus Jude Law ann fosta, níl gearán ar bith agamsa!

Dé Domhnaigh 1 Nollaig

Ireland’s Fittest Family — 18:30 ar RTÉ One

Cén bealach is fearr le bheith ag mothú go maith faoi a bheith i do shuí i gcnap mór falsa ar an tolg ná amharc ar scaifte daoine amuigh san fhuacht ag snámh fríd uisce fhuar, ag léimtí thar bhallaí arda, agus ag streachailt le bheith ainmnithe mar an teaghlach is aclaí in Éirinn? Tá babhta leathcheannais Ireland’s Fittest Family ag toiseacht oíche Dhomhnaigh, amharcaigí air agus mothaígí ciontach gur ith sibh an oiread seacláide agus sibh ag amharc ar an Toy Show.