Turas Bóthair
á thaisteal ag Gaeil ar fud na tíre anocht ar TG4!

Cuirfear tús le sraith faisnéise nua Turas Bóthair ar TG4 anocht, Déardaoin ag 9.30in, a leanann Gaeil bhreátha na tíre ina gcarranna agus iad ar an bhóthar i mbun cainte le chéile.

Casadh cliste atá sa léiriú seo ar chláracha ar nós Googlebox, sraith rathúil de chuid Channel 4 a thugann súil isteach dúinn ar thuairimí ghnáthdhaoine.

In áit a bheith ina suí ar an tolg agus ag breathnú ar an teilifís áfach, tugann an tsraith seo, atá léirithe agus stiúrtha ag Milène Fegan ó Waddell Media, léargas dúinn ar na comhráite a bhíonn ag Gaeil ár linne fud fad na tíre agus iad ag taisteal le chéile.

Taifeadadh an tsraith le ceamaraí a suiteáladh i gcarranna na rannpháirtithe agus gach ábhar faoin spéir á phlé acu, le neart ábhar grinn ar an bhealach.

Chomh maith le haithne a chur ar na pearsantachta éagsúla, foghlaimeoidh muid faoi nithe atá ina spreagadh agus ag déanamh tinnis do dhaoine le linn na sraithe.

I measc na réaltaí a bheas le feiceáil sa tsraith, tá Gracie Uí Cnáimhsí agus Fanny Nic Aoidh (thuas ó chlé) i nDún na nGall, Méabh Ní Dhuíne agus Aoife Nic Con Midhe i mBéal Feirste, agus an díséad dóighiúil Chris agus Dave, aka Daithí Ó Gallachóir agus Chris Duffy (grianghraf ar bharr), agus iad ar thuras go Gaillimh.

Dúirt Daithí le NÓS gur bhain siad “an-sult go deo” as an taifeadadh agus as an deis a gcuid tuairimí a chur chun cinn.

Idir Tinder, pósadh, máinliacht chosmaideach agus tinneas, ní bheith bac ná srian ar na comhráite sa charr.

“Tá muid giota beag buartha go mbeidh daoine ag ceapadh go gcaitheann muid an lá ar fad ar Tinder áfach,” ar sé.

“Ach ní mar a shíltear a bhítear, geallann muid!”

Tiúnaigí isteach go TG4 anocht ag 9.30in!


Déanfar athchraoladh ar ‘Turas Bóthair’ Dé Luain ag 11.30in agus ar ndóigh beidh fáil ar eagrán na seachtaine seo ar sheinnteoir TG4