10 n-ainm pub i mBÁC
& an scéal stairiúil taobh thiar díobh

Deirtear go bhfuil os cionn 1,000 teach tábhairne i mBaile Átha Cliath. Ach cén scéal atá taobh thiar d’ainmneacha na bpubanna céanna? D’fhiosraigh Eoin P. Ó Murchú an scéal, agus bhí cúpla pionta blasta aige leis…


1. The Long Stone, Sráid na Teamhrach

Tá cúlra Lochlannach ag ainm an tábhairne seo.

Thart ar an mbliain 837 AD tháinig na Lochlannaigh i dtír timpeall ar an áit seo.

Chuir siad cloch fhada ina seasamh le rá gur leo an áit (os comhair gheataí Choláiste na Tríonóide sa lá atá inniu ann).

Bhí an chuid seo den chathair faoi abhainn na Life ag an am agus sheas an chloch ann go maorga go 1794.

Líonadh an abhainn isteach anseo ina dhiaidh sin.

Bhí dealbh nua-aimseartha den chloch (thuas ar dheis) san áit go dtí le déanaí, baineadh í de bharr na n-oibreacha Luas. Clíodhna Cussen a dhear.


2. The Bleeding Horse, Sráid Camden

Tar éis Chath Rath Maoinis (sea, bhí cath ann agus ní faoi avocado toast a bhí sé ach oiread ach ceannas Shasana), deirtear gur tháinig capall gortaithe isteach sa tábhairne seo.

Sa bhliain 1649 a tharla agus chuaigh sé i gcion ar an úinéir an oiread sin gur athainmníodh é.

Luaitear an áit in Ulysses chomh maith. N’fheadair an bhfuair Joyce an margadh iontach do dhá jagerbomb ann riamh…


3. Copper Face Jacks, Sráid Fhearchair

Óicé, óicé ní pub atá ann go cruinn ceart ach ainmníodh an t-ionad/club oíche/láthair naofa do dhaoine atá ar thóir an shift tar éis John Scott, an cheád iarla ar Chluain Meala (1739-1798).

Breitheamh a bhí ann agus bhíodh an cháil air daoine iomadúla a sheoladh chun na croiche.

Bhíodh cónaí air ar Shráid Fhearchair ag uimhir 16-17 agus meastar gurb é an t-ólachán trom a thug aghaidh dhearg an chopair dó.

M’anam gur iomaí Copper Face Jack agus Jaqueline a bhíonn sa chlub áirithe seo ar oícheanta an deireadh seachtaine, agus ar oícheanta na seachtaine féin…


4. The Gingerman, Sráid na bhFíníní

Ainmníodh an pub deas seo tar éis úrscéal J. P. Donleavy.

Leanann The Gingerman scéal Sebastian Dangerfield (cad é mar ainm!) mac léinn dlí i gColáiste na Tríonóide atá ag siúl BÁC agus ag bualadh leathair agus craicinn feadh na slí.

Cuireadh cosc ar an leabhar nuair a foilsíodh é san 1950í toisc go raibh sé chomh graosta sin.

Níl aon chosc ar an bpub ná ar na piontaí áfach.

Bíonn go leor Gael ag ól san áit seo, é díreach timpeall an chúinne ó Raidió na Life agus Foras na Gaeilge.


5. The Hairy Lemon, Sráid Stiabhna Íochtarach

Deirtear gur ainmníodh an pub compordach seo as duine de shaincharachtair na cathrach.

Fear ceaptha madraí a bhí sa Hairy Lemon a raibh aghaidh ghruagach air a bhí ar chruth na líomóide.

Agus b’in tusa ag ceapadh go raibh droch-leasainm ort féin!


6. Darkey Kelly’s, Sráid Sheamlais an Éisc

Deirtear go mbíonn seisiún maith ceoil ar siúl tigh Darkey Kelly’s ar Shráid Sheamlais an Éisc.

B’éasca dearmad a dhéanamh ar na drochghníomhartha olca a tharla ann áfach…

Ainmníodh an teach óil seo as Dorcas Ní Cheallaigh, bean a stiúraigh drúthlann nó teach striapachais san áit.

Sa bhliain 1761 aimsíodh corpáin faoin urlár ann – dúradh gur fir a bhí iontu ar mharaigh Dorcas iad.

Dar le roinnt ba í an chéad sraithdhúnmharfóir a bhí ann in Éirinn.


7. The Brazen Head, Sráid an Droichid Íochtarach

I rith Ionsaí na hInse, más fíor, scaoil arm Liam Bhuí piléar ó chanóin a bhain an cloigeann de chailín rua a raibh droch-cháil uirthi.

Nach trua saol na mban bocht a n-ainmnítear pubanna ina ndiaidh?!

Maíonn muintir an phub seo go bhfuil sé chomh sean leis an mbliain 1198, ach i bhfírinne tógadh an foirgneamh reatha sa bhliain 1794.

Bhíodh baint ag Roibéard Eiméid, Bhulf Tón agus Breandán Ó Beacháin leis an áit.


8. The Thingmote, Sráid Suffolk (O’Donoghue’s anois)

Ní mhaireann The Thingmote a thuilleadh, ach shíl mé go raibh an t-ainm chomh suimiúil sin go raibh orm an scéal ar fad a mhíniú.

An rud a bhí i gceist leis an Thingmote ná carn mór a thóg na Lochlannaigh i mBÁC mar láthair parlaiminte agus deasghnátha.

Mharaítí daoine agus phléití dlíthe nua ann.

Bhí an carn féin ann chomh déanach leis an mbliain 1682.

An Thingmote Thingmount a thugtaí air agus i dtosach bhí sé taobh amuigh de limistéar na cathrach.

Bhí sé sách mór: thart ar 40 troigh d’airde ann agus 240 troigh sa timpeall.

Bhí sé lonnaithe thart ar an áit a bhfuil bun Shráid Grafton sa lá atá inniu ann.

Feictear rudaí atá cosúil leis in áiteanna eile a raibh an Lochlannaigh iontu: Tinvaal i Manainn mar shampla.

Ar deireadh leagadh an Thingmote agus scaipeadh an smionagar ar Shráid Thobar Phádraig (Sráid Nassau), áit a mbíodh tuillte ag an am.

Sin an fáth a bhfuil an bóthar sin cuid mhór níos airde ná páirc chruicéad Choláiste na Tríonóide taobh leis, sa lá atá inniu ann.


9. The Windjammer, Sráid Chnoc na Lobhar

Níl pionta ólta agam sa Windjammer fós agus is náir liom sin a rá.

Teach óil luath é nó ‘early house’ a osclaíonn ag leathuair tar éis a seacht ar maidin.

Ambaist anois, sin áit le dul agus gach áit eile dúnta!

Is cosúil gur tháinig ann dá leithéid chun cead óil a thabhairt dóibh sin a bhíonn ag obair ag amanna aisteacha, iascairí ina measc.

Meascán ceart daoine a bhíonn ann na laethanta seo, deirtear.

Agus an Windjammer féin?

Bád seoil mór millteach a thógfadh lastas timpeall na cruinne.

Tá meafar ansin áit éigin ach a scaoileadh…


10. Buck Whaley’s, Sráid Liosain (The Stone Leaf anois)

Cearrbhach gan náire a toghadh go Teach na dTeachtaí in Éirinn a bhí in Thomas Whaley.

‘Buck Whaley’ nó ‘Jerusalem Whaley’ a thugtaí air leis.

Dhá leasainm: is léir go raibh an-chraic go deo ann.

Sa bhliain 1788 rinne sé geall go bhféadfadh sé taisteal go hIarúsailéim agus ar ais taobh istigh de dhá bhliain.

Shíl daoine go mbeadh sé ródhainséarach ar fad.

Chaith sé £8,000 ar an turas ach thuill sé brabús de £7,000 nuair a d’fhill sé in am.

Rinne an ceoltóir Rossa Ó Snodaigh an turas seo a leanúint ar an gclár Bóthar Buck do TG4 le déanaí.

Tá an saol i bhfad níos fusa nuair is féidir léimt ar eitilt Ryanair.


Ar chuir tú spéis i stair na bpubanna seo? An bhfuil scéal ar leith agat féin faoi theach tábhairne ar bith eile? Abair linn anseo thíos, ar Facebook nó ar Twitter.

  • Eoin Ó Riain

    Bhí Cath Rath Maoinis (1949) díreach roimh theacht Cromail idir Airm Phairliminte Shasana & lucht an Rí faoir Ormonde. Bhí an bua ag mhuintir Chromail!