6 rud a tharlaíonn don eisimirceach a fhilleann ar Éirinn don Nollaig

D’fhill mé féin agus na mílte daoine eile ar Éirinn do na saoire Nollag an tseachtain seo. Is tréimhse thar a bheith speisialta é seo d’an-chuid daoine, agus is cinnte go gcuireann filleadh na n-inimirceach (go háirithe mise) go mór le spiorad na Nollag. Sular thug mé faoin thuras na bliana seo, bhreac mé síos cúpla rud atá tugtha faoi deara agam faoin oilithreacht:

Bíonn duine áirithe ann a cheannaíonn an eitilt abhaile don Nollaig i mí Mheán Fómhair

Déan neamhaird ar an duine seo. Bíonn eitiltí na Nollag costasach ar aon nós, agus is fuath le gach duine eile an duine seo.

Cúis eile — thriail mé seo a dhéanamh i mbliana agus ritheadh liom trí seachtaine ina dhiaidh go raibh na dátaí míchearta curtha in áirithe agam agus bhí orm dhá lá saoire 2020 a thógáil. Ná bí cosúil liomsa. 

Tá fógraí na Nollag ceaptha tú a chur ag caoineadh — agus éiríonn leo

Is cinnte gur aimsir mhaoithneach mhothúchánach í an Nollaig. Ní chabhraíonn fógraí na Nollag leis an leochaileacht phearsanta seo. Sroichim pointe áirithe sa bhliain agus, anuas ar an saol sóisialta gnóthach, an easpa codlata, agus cuimhní na hóige, bím trína chéile agus ag caoineadh os comhair mo ríomhaire tar éis breathnú ar fhógra amháin Nollag. 

Samplaí i mbliana: fógra Aer Lingus ó 2017 (hardcore fan na bhfógraí atá ionam.


FÉACH ar na MÁITHREACHA! 

Má tá ceann faoi leith a chuaigh i bhfeidhm go mór ort, cuir chugam ar Twitter é — ach ná cuir nuair atá póit orm.


Bím ag súil le go duine éigin le fáilte a chur romham ag an aerfort….

….ach arís eile, ní thagann éinne. Ar a laghad bíonn deis agat féachaint ar na daoine atá ag teacht abhaile ón Astráil le beirt ghasúr ag bualadh lena seantuistí den chéad uair — agus cuirfear ag caoineadh arís tú.

Déanann tú iarracht bualadh le gach duine 

Agus ceapann tú gur áit bheag í Éire agus nach mbeidh strus ar bith ort dul ó Chorcaigh go Dún na nGall le haghaidh oíche amháin ar bóithre seaca (nuair nach bhfuil carr agat). Glac an chomhairle uaim: fan sa bhaile ar feadh sheachtain na Nollag. (An éistfidh mé le mo chomhairle féin? Ní éistfidh).

Mise ag léamh mo chomhairle féin

Cuirfear an cheist ort láithreach: “cén uair a bheidh tú ag dul ar ais?”

Ceapaim i gcónaí go mbeidh na sluaite ag fanacht le fáilte a chur romham abhaile (féach an mhír faoin aerfort). Ina áit sin, cuirfidh do chairde, comharsana, uncail agus aintíní, srl an cheist “agus cén uair a bheidh tú ag dul ar ais?” ort taobh istigh de chúig nóiméad tar éis dóibh casadh ort. 

Beidh oíche amháin ann, nó fiú nóiméad amháin, a chuirfidh gliondar ar do chroí

Le linn do thurais abhaile, beidh póintí áirithe ann a déarfaidh tú leat féin “cén fáth ar tháinig mé abhaile?”.  Beidh tú ag troid le do dheartháir faoin teilifís, nó dúiseoidh tú tar éis oíche dhrabhlásach áirithe, nó mothóidh tú sáinnithe faoin tuath gan charr gan chóras iompair poiblí. Beidh pointe eile ann — barróg ó do mham, siúlóid ar an trá is ansa leat, seisiún amhránaíochta sa phub, dinnéar blasta a thabharfaidh siar chuig d’óige tú — agus rithfidh sé leat gurbh fhiú an turas ar fad. Gurbh fhiú an t-airgead a chaitheamh, gurbh fhiú na bronntanais phráinne a cheannach sa duty free, gurbh fhiú slam airgid a chaitheamh ar an traein abhaile. Agus sin draíocht na Nollag, ag deireadh an lae. 

Go raibh Nollaig faoi shéan agus Athbhliain faoi mhaise oraibh ar fad.