60 soicind le…
Eoghan Ó Loideáin

Aisteoir agus láithreoir óg é Eoghan Ó Loideáin a bhunaigh a ghnó féin Carranna Clasaiceacha Chonamara le déanaí. 

Ghoid muid 60 Soicind leis agus labhair sé linn faoina léinte bláthacha dathúla ar minic iad ar a dhroim, faoina chéad Mini, a bhí mar spreagadh aige chun a ghnó nua a bhunú, agus faoin bhialann is fearr i nGaillimh… tomhas cá bhfuil sí! 


1. Cárb as duit?

An Bóthar Buí ar an gCeathrú Rua, i nGaeltacht Chonamara. Béal dorais le ‘Toto’!

2. Cad iad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?

An suaimhneas, na tránna, Trá an Dóilín ach go háirithe, agus na daoine áitiúla ar leith!

3. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

Thaitin Albain go mór liom agus ba mhaith liom tamall eile a chaitheamh ag maireachtáil ann.

Is iad na daoine áitiúla ann arís a mheall mo chroí.

Tá na hAlbanaigh an-chosúil linne mar dhaoine, lán le craic agus spraoi.

Tha iad sgoinneil!

4. Cad í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

Níl aon chuimhne amháin agam ach is cuimhin liom an chaoi ar bhrath mé. Ní raibh aon bhrú ceart orm, fiú nár cheap mé sin ag an am!

Bhí mé sásta, agus níor shíl mé go dtarlódh rud ar bith, maith nó dona, dom go deo.

5. Bunaitheoir Carranna Clasaiceacha Chonamara thú, cad é a spreag thú le comhlacht mar seo a bhunú?

Is mé! Is aisteach é a chloisteáil os ard.

Bhí suim agam sna carranna clasaiceacha le breis is 10 mbliana anuas.

Cheannaigh mé sean-Mini a rinneadh in 1982 tuairim is 9 mbliana ó shin. Ó shin, casadh an oiread daoine orm agus mé á thiomáint a d’insíodh a gcuid scéalta dom faoina Mini féin nó faoi charr a bhíodh ag a muintir.

Tá a bpearsantacht féin ag sean-charranna, rud nach fíor faoi charranna nua.

Idir na carranna clasaiceacha féin agus na daoine a chuireann spéis iontu, cuireann sé meangadh gáire orm.

Má tá cúpla punt a shaothrú as is maith an rud é. Mura mbeidh, ar a laghad beidh mé bocht agus sásta.

Ní fear oifige mé!

6. Trí fhocal a chuireann síos ar do thairge?

– Spraíúil
– Leithleach
– Ceiliúradh

7. Céard é an scannán is fearr leat?

Tada bith beo ó na 80í le Arnie, le neart aicsin agus a chuid línte iomráiteacha! “Beidh mé ar ais.”

8. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá i d’fhiontraí óg?

Seans nach ndéanfar milliúnaí díom leis an ngnó mar sin tá gá le hobair eile.

Bím ag obair i réimse na teilifíse freisin, ach cosúil leis seo, ní obair bhuan é.

Rud maith ar bhealach mar go bhfuil mé in ann díriú ar an dá rud ag an am céanna.

Dá mbeadh orm, shocróinn ar obair i mbéar arís – obair í sin a thaithíonn liom.

Dhéanfainn obair ar bith, ach a bheith ag caint!

9. Dá mbeifeá ag casadh le duine den chéad uair, cén sórt oíche a d’eagrófá di?

De réir mo chuid taighde, sílim gur deas an rud dinnéar a réiteach.

Is féidir do phearsantacht agus do chuid ábhair spéise a léiriú do dhuine ar bhord na cistine! 😉

10. Seisiún nó ceolchoirm?

Seisiún, tá sé níos pearsanta ceapaim.

11. An bhfuil amhránaí ar leith ann a thaitníonn leat? 

Athraíonn sé gach lá!

Chuala mé amhrán álainn inniu – ‘When You Love Someone’ le James TW.

Éisteoidh mé leis sin anois go dtí go mbeidh mé tinn de!

12. An ball éadaigh is minic a chaitheann tú?

Sean-éadach lofa a bhíonn orm go minic an aimsir seo agus mé ag obair ar na carranna!

Dá mbeinn amuigh i nGaillimh anois sin scéal eile, tá roinnt léinte bláthacha ildaite agam faoi láthair nach mbainim díom!

13. Cé hé/hí an t-aisteoir is fearr leat?

Ar nós mo rogha-sa ceoil, athraíonn sé.

I láthair na huaire, is maith liom James McAvoy.

Ní aisteoir 2D é, cosúil le Arnie agus Sylvester s’againne.

Sa scannán is nua atá aige, Split, léiríonn sé an oiread tallainne atá aige! 17/10

14. An bhialann is deise i nGaillimh dar leat?

Mo chistin féin! Níl tada níos deise ná béile ó do lámha féin. Taraígí agus ithigí!

15. Leabhar maith a léigh tú le déanaí?

The Power of the Actor – The Chubbuck Technique le Ivana Chubbuck.

16. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Tá mé cinnte go gcuirfinn sa gcarr é, mar go bhfuil sé déanta corruair roimhe seo agam!

17. An rud is mó a chuireann ag gáire thú?

Daoine a bhíonn ar a gcompord liom. Más féidir linn caint lena chéile gan plámás ar bith eadrainn tagann an gáire go nádúrtha.

18. An bhfuil drochnós ar bith agat?

Fuílleach!

19. Rud amháin ba mhaith leat a dhéanamh an samhradh seo?

Sult a bhaint as an ghrian i mBóthar na Trá i nGaillimh le cairde!

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Níl pointí ar bith ar mo cheadúnas agam!

Ní hé go mbíonn cois go clár agam, ach is féidir pointí a fháil ar bhanana a ithe sa gcarr sa lá inniu!

Ithim bananaí go minic…


Más maith leat carr clasaiceach, mar an ‘Beach Buggy’ thuas a fháil ar chíos, tabhair cuairt ar ConamaraClassics.com nó gabh i dteagmháil le hEoghan ar eolas@conamaraclassics.com.

Tá lascaine 10% ar fáil do léitheoirí NÓS go dtí deireadh na míosa ach an cód ‘Léinte Bláthacha Abú’ a úsáid!