60 Soicind le…
le Mairéad Ní Threinir

Is í bean na scannán Máiréad Ní Threinir a thabharfaidh faoi dhúshlán 60 Soicind an tseachtain seo.

Scannánóir agus léiritheoir óg í Mairéad a fuair aitheantas mór ag Fleadh Scannán na Gaillimhe ar na mallaibh.

Shuigh sí síos le labhairt linn faoi chuimhní cinn a hóige, faoin turas trasna na cruinne atá beartaithe aici i gceann coicíse agus faoina gearrscannán faisnéise ‘Tit for Tatt’ agus faoin fhadscannán ‘Rocky Ros Muc’ a bhí i measc na bpríomhdhuaiseoirí ag an Fhleadh i mbliana!


1. Cárb as duit?

Cluain Eois, Muineachán.

2. Cad iad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?

Féile Scannáin Chluain Eois / Cluichí CLG sa samhradh / An frása “You’re Never Alone When You’re a Clone”.

3. Céard í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

Ag gearradh gruaige mo deirfiúracha óga agus mé sé bliain d’aois, an lá roimh bhainis m’uncail. Ní lá iontach a bhí ann i dteach s’againne!

4. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is fearr leat?

Cúba go cinnte. Tír í a bhfuil stair chorraitheach shuimiúil ag baint léi.

Tá eispéireas éagsúil ar fad atá ar fáil ann i gcomparáid leis an saol in Éirinn.

Tá ceol agus rithim sna cnámha ag muintir Chúba.

Is aoibhinn liom an stíl damhsa atá acu, an rum agus an dóigh nach n-oibríonn an t-idirlíon ann an chuid is mó den am!

6. Cuir síos ar an stíl atá agat?

Hmmm… níl a fhios agam. B’fhearr liom m’éadaí a fháil sna siopaí carthanachta nuair atá mé ábalta.

Stíl réchúiseach atá agam, déarfainn.

7. An píosa éadaigh is mó a chaitheann tú?

Mo bhríste géine, a bhfuil poill sna glúine.

8. Inis dúinn faoi ‘Tit for Tatt’, gearrscannán a stiúir agus a léirigh tú, a thug leis an chéad duais don Ghearrscannán is Fearr ag Fleadh Scannán na Gaillimhe. 

Scéal faoi bheirt bhan a raibh ailse bhrollaigh orthu agus a fuair tatúnna ar a gcoilm tar éis dóibh dul faoin scian.

Mná iontacha, mná láidre iad beirt.

Bhí siad an-ionraic agus oscailte faoin ailse agus conas a chuaigh sé i bhfeidhm ar a saol, a gcoirp agus a bhféinmhuinín.

Ní ar scéal na hailse atá an scannán dírithe ach ar an tréimhse a lean, agus iad ag bogadh ar aghaidh leis an saol.

9. An rud is fearr agus is measa faoi do phost?

An rud is fearr ná go bhfuil seans agam bualadh le daoine difriúla spéisiúla.

An rud is measa faoi ná coimisiún a bheith diúltaithe, cé go síleann tú gur smaoineamh iontach atá ann.

10. An scannánóir is fearr leat?

Tá sé iontach deacair scannánóir amháin a phiocadh ach is maith liom Dawn Porter go mór.

Is bean í a thugann inspioráid dom.

11. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá ag obair i réimse na teilifíse agus na scannán?

Níl cliú agam i ndáiríre – blagadóir taistil b’fhéidir?!

12. Gruaig in airde nó scaoilte saor?

Scaoilte saor.

13. Dá mbeifeá ag casadh le duine a raibh dúil agat iontu den chéad uair, cén sórt oíche a d’eagrófá?

Slám manglam in áit éigin deas!

14. Tá cónaí ort i mBéal Feirste anois. Cad é an bhialann is fearr leat sa chathair cois cuan faoi láthair?

‘La Taqueria’, ach athraíonn sé i gcónaí.

15. Leabhar maith atá léite agat ar na mallaibh?

How to be a Woman le Caitlín Moran.

16. Caife nó tae?

Tae

17. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

An méid is mó bia a cheannach agus a d’fhéadfainn.

18. Cad í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? 

Táim ag dul go Vítneam ar feadh míosa i gceann coicíse. Ní raibh mé riamh san Áise agus táim ag tnúth go mór leis.

19. iPhone nó Android?

Android

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Mo cheadúnas tiomána a fháil, tar éis an scrúdú a dhéanamh ceithre huaire!

Agus ar ndóigh an duais a fháil don ghearrscannán is fearr agus an mhórdhuais faisnéise a fháil do ‘Rocky Ros Muc’ ag Fleadh Scannán na Gaillimhe!

Tá mé iontach sásta go ndeachaigh an dá léiriú i bhfeidhm ar dhaoine! 😄