60 soicind le…
Aghna Ní Chuanaigh


Is í Aghna Ní Chuanaigh, réalta óg na meán sóisialta, a thabharfaidh faoi 60 soicind an tseachtain seo.

Is duine d’fhoireann bhreá Lorg Media, comhlacht meán Gaeilge, í Aghna.

Shuigh muid síos chun cainte léi faoin chéad treocht nua i ndomhan na teicneolaíochta, faoin éileamh atá ar na meáin dhigiteacha i nGaeilge agus faoi logainm iontach a ceantair dhúchais. Leid… tá sé ar an cheann is faide in Éirinn i mBéarla, deirtear! 


1. Cárb as duit?

Muiceanach idir Dhá Sháile, Conamara.

2. Aghna is ainm duit. Inis dúinn faoi litriú d’aimn?

Bhí aithne ag mo mham ar bhean a litrigh a hainm mar seo ach níor chas mé le duine ar bith go dtí seo leis an litriú céanna.

3. Cad iad na trí rud is fearr faoi do cheantar dúchais?

– An logainm iontach. Deirtear gurb é an logainm is faide in Éirinn! (Tá 22 litir in aon fhocal amháin sa Bhéarla Muckanaghederdauhaulia, ach b’fhearr linn i bhfad an Ghaeilge!)
– Na radhairc áille.
– Tá sé ciúin.

4. Céard í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

A bheith in ann dul chuig an trá.

5. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is fearr leat agus cén fáth?

An Fhrainc, shíl mé go raibh Páras iontach ar chuile bealach.

6. Cuir síos ar an stíl atá agat?

Stíl mac léinn atá ag bogadh i dtreo shaol na hoibre (gáire).

7. An píosa éadaí is mó a chaitheann tú?

Mo bhróga reatha.

8. Cad é an rud is fearr leat faoi do phost?

Tá sé an-deas a bheith ag obair tríd an Ghaeilge, mar nár cheap mé go mbeinn riamh in ann.

Ach tá an oiread éilimh ar na meáin dhigiteacha i nGaeilge.

9. An dtig leat tuar a thabhairt ar an chéad fhorbairt eile i ndomhan na teicneolaíochta a ghlacfaidh seilbh orainn?

Tá mé ag ceapadh nach fada uainn an lá go ndéarfaidh muid slán le hairgead tirim go deo.

Beidh muid ag brath go huile is hiomlán ar ghlic-ghutháin agus cártaí.

10. Cad a dhéanfá mar shlí bheatha mura mbeifeá i do réalta óg san meáin?

Bhí mé ag iarraidh a bheith i mo ghruagaire nuair a bhí mé óg.

Bheinn i gcónaí ag súgradh thart le gruaig mo chuid dolls sa seomra.

11. Gruaig in airde nó scaoilte saor? 

Scaoilte saor agus nádúrtha, ceapaim.

12. Dá mbeifeá ag casadh le duine a raibh dúil agat iontu den chéad uair, cén sórt oíche a d’eagrófá?

Béile déarfainn!

13. Bialann is fearr leat i gCathair na dTreabh?

Dough Bros!

14. Leabhar maith atá léite agat ar na mallaibh?

Níor léigh mé leabhar le fada. Ailt ar líne is mó a léim na laethanta seo.

15. Na rudaí is fearr leat a dhéanamh Dé Sathairn?

Imeacht ón ríomhaire agus mo ghuthán a chaitheamh uaim.

16. Caife nó tae?

Ó tae all day!

17. Dá mbeadh €20 fágtha sa chuntas agat, céard a dhéanfá leis?

Cheannóinn seacláid.

18. Cad í an chéad tír eile ar mhaith leat cuairt a thabhairt uirthi? Cén fáth?

An Íoslainn – tá cuma iontach uirthi.

19. iPhone nó Android? 

Android go deo!

20. Buaicphointe saoil go dtí seo?

Mo mháistreacht a chríochnú agus marc maith a bhaint amach as.