60 soicind le…
Aindriú de Buitléir

Agus gigeanna ag Liú Lúnasa agus ag an Phicnic Leictreach ar an tslí, sciob muid 60 Soicind le giotaraí galánta Dysania, Aindriú de Buitléir

Labhair sé linn faoi chathair chearnógach na Catalóine, faoi fhuaim spleodrach a ghrúpa agus faoin leabhar is fearr atá léite aige le déanaí…


1. Cárb as duit?

Carraig Mhachaire Rois, Co. Mhuineacháin.

2. Trí fhocal a ritheann leat nuair a smaoiníonn tú faoi do cheantar dúchais?

– Liath (nod don Chaomhánach)
– Lom
– Ach lán le beocht

3. Cad í an chuimhne is mó a sheasann amach ó d’óige?

Ag éisteacht leis na Smiths le do dhaid.

4. Trí fhocal a chuireann síos ort.

– Machnamhach
– Dóchasach
– Gníomhach

5. As na tíortha ar fad ar thug cuairt orthu, cén ceann is mó a thaitin leat?

An Chatalóin. Ar dtús, tá ceol den scoth ar fáil ann.

Agus is breá liom Barcelona agus an leagan amach cearnógach atá ag na sráideanna inti.

Rinneadh cinneadh nuair a bhí an chathair á tógáil chun neart spásanna sóisialta a chruthú le go mbeadh daoine in ann bualadh le chéile.

Ní hamhlaidh an scéal faoi Bhaile Átha Cliath agus cathracha eile in Éirinn ar an drochuair.

6. Cad ba bhreá leat a dhéanamh mar shlí bheatha dá mbeadh aon rogha faoin spéir agat?

Aon rud seachas a bheith ag glanadh soithí sa chistin, mar atá mé faoi láthair.

7. An píosa éadaigh is mó a chaitheann tú?

Mo chaipín dearg.

8. Trí fhocal a chuireann síos ar cheol Dysnaia

– Toirneach
– Tiomanta
Tongue in cheek

9. Bróga nó cosnochta? 

Cosnochta.

10. Leabhar maith atá léite agat ar na mallaibh?

Pedagogy of the Oppressed, le Paulo Freire.

Oideachasóir agus fealsúnaí mór de chuid na 20ú hAoise ba ea é Freire, a chreid gur cheart do gach duine a bheith in ann oideachas a fháil agus go dtiocfadh le daoine iad féin a shaoradh fríd an oideachas.

11. An t-amhrán is mó a chuireann tú ar siúl?

‘Midnight in a Perfect World’, le DJ Shadow

12. An bhfuil aon drochnós agat?

Bím déanach do rudaí i gcónaí.

13. Dá mbeifeá ag casadh le duine a raibh dúil agat iontu den chéad uair, cén sórt oíche a d’eagrófá?

Réiteoinn béile agus rachadh muid chuig ceolchoirm ina diaidh.

14. Cleachtadh nó ceolchoirm?

Cleachtadh – deacair jeaimeáil mhaith a shárú!

15. An bhfuil aiféala ort?

Nár chaith mé breis ama ag snámh nuair a bhí mé óg. Ní snámhaí láidir mé.

16. Cad é is fearr leat a dhéanamh le do chuid ama Dé Sathairn, nó ar lá saor?

A bheith ag jeaimeáil agus ag léamh.

17. Gruaig in airde nó scaoilte saor? 

Scaoilte saor.

18. An tsraith teilifíse is fearr leat?

Fishing with John, tá sé an-mhaith!

19. Buaicphointe saoil go dtí seo?

A bheith páirteach sa cheiliúradh nuair a fuarthas an seisear neamhchiontach i dtriail Ráth Miontáin (Jobstown) as príosúnú neamhdhleathach a dhéanamh ar Burton.

Chuir muid an oiread sin oibre isteach san fheachtas agus bhí sé iontach dea-thoradh a bheith againn.

20. Rud éigin ba mhaith leat a dhéanamh amach anseo?

A bheith páirteach sa cheiliúradh nuair a chealaítear an 8ú leasú ar an Bhunreacht.


Casfaidh Aindriú agus Dysania ag ‘Ceol sa Chearnóg’ mar chuid de Liú Lúnasa i mBéal Feirste oíche Shathairn, 26 Lúnasa, agus beidh siad ar ardán le linn ‘Scléip NÓS’ sa Phuball Gaeilge ag Electric Picnic, Dé Domhnaigh seo 3 Meán Fómhair.