8 gcomhartha go bhfuil tú ag éirí sean

“Is breá an rud an óige ach ní thagann sé faoi dhó.”

Ní raibh focail níos fíre riamh ann.

Agus seans gurb é an rud is measa ná nach mbíonn a fhios agat go bhfuil tú ag dul in aois go dtí go bhfuil sé rómhall!

Seo 8 n-uaire a chuireann in iúl duit go bhfuil tú ag éirí sean…


1. Ní iarrtar cárta aitheantais ort

1

Fadó, bhíodh eagla an domhain ort nach ligfeadh an preabaire isteach sa chlub thú, nó bhíodh an cúntóir siopa amhrasach agus tú ag ceannach toitíní. Déan dearmad ar na laethanta sin, tá siad imithe le gaoth.


2. Tugann tú cuairt ar IKEA

2

Bhí am ann nuair a chaith tú do dheireadh seachtaine i do chodladh, ag amharc ar an pheil, nó sa phub le cairde. Anois, tá seans maith ann go bhfuil tú i gcaidreamh agus bíonn tú le feiceáil ag amharc ar chófraí nua don seomra suí. Dá bhfeicfeá seo agus tú i do dhéagóir… do náire féin thú!


3. Tá d’amlíne Facebook lán bainiseacha agus babaithe

3

Fáinní gealltanais. Babaithe beaga. Bainiseacha. Níl trí rud níos measa le cur in iúl duit go bhfuil tú ag dul in aois.

“Tá do chuid cairde ar fad ag pósadh, cad é atá cearr leatsa, a chailleach?!”, a déarfaidh tú leat féin. “Seans go gcuirfidh turas go Coppers fonn níos fearr orm.”


4. Ní féidir tic a chur sa bhosca “18-24” níos mó

4

An bhfuil masla níos mó ann? Agus má thosaíonn d’aois leis an uimhir 3, is féidir talamh slán a dhéanamh go bhfuil d’óige taobh thiar díot. Tá an ceistneoir sin do do cheansú, agus tá a fhios agat go maith é.


5. Maireann póit ar feadh dhá lá

5

Ceann mór é seo. Nuair atá tú suite ag do dheasc oibre maidin Luain agus tinneas ort go fóill, níl míniú ar bith eile ann. Tá laethanta d’óige imithe. Bíodh Panadol eile agat, a chroí.


6. Tá airgead, éigin, agat

6

Ar ndóigh, bhí airgead agat nuair a bhí tú óg, ach an rud atá i gceist leis seo ná seans maith go bhfuil airgead agat i dtaisce, nó i do chuntas fiú ag deireadh na míosa. Ní gá na 4 channa Bavaria a cheannach ar €5, a mhac… tá go leor agat don Guinness!


7. Tá tú ag amharc ar phraghsanna tí

7

Níl árasán os cionn an chipper áitiúil leath chomh mealltach agus a bhíodh nuair a bhí tú 21. Na laethanta seo ní féidir ach bheith ag brabhsáil ar líne d’áiteanna deasa i do bhaile féin. Seans go bhfuil Daft.ie sna favourites agat fiú!


8. Léigh tú seo!

8

Ná bí ag inse bréag duit féin – bhí a fhios agat go maith cheana féin go raibh tú ag dul in aois. Ní raibh de dhíth ort ach deimhniú, a chréatúir!