8 rud le déanamh ar Lá an Ghrá
do na Vailintíní Singile!

Féile do na lánúineacha is é Lá Fhéile Vailintín den chuid is mó agus is minic olc orthu siúd gan pháirtí ar an lá áirithe seo.

Ná cailligí misneach! Tá roinnt smaointe ag an Chailín sa Chathair do na vailintíní singile maidir lenar féidir a dhéanamh chun grá agus aire a thabhairt duit féin.


1.) Caith go deas leat féin

Cláraigh faoi choinne suaitheadh nó seisiún reifléacseolaíochta. Caith airgead ort féin nach gcaithfeá de ghnáth ar rud éigin a rachaidh chun tairbhe ort.


2.) Seal san fholcadán

Tá sé deacair folcadán deas te, coinnle agus buidéal deas fíona a shárú. Déan seinnliosta de na tiúin is fearr leat agus cuir ag gabháil é. Múch an guthán agus déan dearmad ar an uile rud!


3.) Tolg agus scannán

Ceannaigh bosca seacláidí duit féin, popcorn agus na milseáin is fearr leat. Ceannaigh pitseámaí úra atá deas bog agus déan tú féin compordach os comhair na teilifíse le scannán maith.

Cúpla moladh uaim: The Princess Bride, As Good as It GetsFried Green Tomatoes at the Whistlestop Café. Rudaí a bhfuil cosc orthu: PS I love you, The NotebookBeaches.


4.) Gabh ag cuartaíocht

Caith am le duine éigin nár chaith tú am leo le tamall. Bíodh sé sin do mháthair, d’athair mór, nó seanchara nach bhfaca tú le tamall.

Le leithéidí FaceTime agus Skype agus WhatsApp, níl leithscéal ar bith ann anois gan am a chaitheamh le daoine a chuireann ag gáire thú.


5.) Madra ag teastáil don cheann seo!

Gabh ag siúl leis an mhadra nó le madra duine éigin eile.

Ní hamháin go mbainfidh tú sult as comhluadar agus cuideachta an ainmhí féin, ach is bealach iontach é le bualadh le daoine nua agus le comhrá a thosú le daoine agus tú sa pháirc.

Ádh mór Caesar Milan!


6.) Déan beart dearfach éigin

Is iomaí áit ina mbíonn oibrithe deonacha de dhíth. Idir charthanachtaí agus eaglaisí atá ag déanamh obair fhiúntach agus na tithe altranais ar fud na tíre, tá deiseanna go leor ann an grá a chur chun cinn.


7.) Suímh nó Aip Chleamhnais

Maith go leor, ba mhaith leat bualadh le duine mar sin de tóg do mhisneach agus mura bhfuil sé déanta agat roimhe seo, cláraigh faoi choinne feidhmchlár nó suíomh cleamhnais ar nós Tinder, Plenty of Fish nó match.com.

Bí cinnte go bhfuil na sluaite ar líne ag iarraidh casadh leat mar sin de déan é!


8.) Bíodh cóisir agat!

Tabhair cuireadh do chairde eile atá díomhaoin a bheith leat agus iarr orthu babhla bia an duine a thabhairt leo agus bíodh féasta frithVailintín agaibh le neart ceoil agus craice!

Beidh éad ar na lánúineacha sin nuair a chluineann siad faoin chraic a bhí agaibh!

Cibé rud a dhéanann sibh inniu, bainigí sult agus súp as an Fhéile agus fios agaibh go bhfuil grá agam daoibh i gcónaí!

  • PólÓ

    An bhfuil suíomh cleamhnais ar fáil do Gaeilgeorí?