Aimseoidh mé coirnéilín compordach in aice an taephota do na léachtaí ar líne

Tá na laethanta ag dul thart anois agus chuile mhaidin do mo thabhairt níos gaire do thús na bliana acadúla. An bhfuil a fhios agat céard é féin, ach tá mé ag súil go mór leis i ndáiríre. 

Ní bheidh sé mar a bhí anuraidh, tá an méid sin cinnte, ach fós féin thaitin na hábhair liom anuraidh agus tá súil agam go mbeidh siad chomh suimiúil céanna i mbliana. 

Tá na ríomhphoist ag teacht isteach ceann i ndiaidh a chéile agus muid ag fáil amach de réir a chéile cén chaoi a mbeidh cúrsaí foghlamtha sa domhan nua aisteach seo. 

Thosaigh muid amach ag ceapadh go mbeadh muid i láthair ar champas 30% den am agus sa mbaile 70%. Ní raibh mé thar a bheith sásta faoina laghad ranganna a bheadh san ollscoil féin ach “is fear leath an bhuilín ná a bheith gan arán” a dúirt mé liom féin.

 Anois, ó tharla go bhfuil cúrsaí sláinte ag dul in olcas ar fud na tíre, táthar á ghearradh sin siar beagán eile. Ní bheidh ag tarlú go ceann tamaillín istigh sa gcoláiste ach ranganna saotharlainne agus aon fhoghlaim phraiticiúil eile atá ag teastáil. 

Léacht ar bith a bhí le bheith againn istigh beidh sé ar líne, beo nó taifeadta. Sin rud amháin nach bhfuil mé thar a bheith sásta faoi ach sin é an chaoi a bhfuil rudaí agus ní féidir liomsa é a athrú. 

B’fhearr liomsa a bheith ag foghlaim as baile ná a bheith ag scaipeadh tinneas marfach. Beidh mé níos compordaí sa mbaile gan masc orm ar aon chuma. Ach fós féin tá súil le Dia agam nach mbeidh muid i bhfad ar an ealaín seo agus go mbeidh muid ar ais ag déanamh an méidín beag de na léachtaí a gealladh dúinn istigh sa léachtlann.

Is í an chéad seachtain an tseachtain is éasca, más fíor sin i mbliana, mar bíonn léachtóirí nua ag iarraidh iad féin a chur in aithne dúinn agus ag iarraidh inseacht dúinn céard air a mbeidh muid ag déanamh staidéar. 

B’fhéidir fiú go gcuirfidís cúpla sainmhíniú nó cúpla foirmle (tá mé ag déanamh staidéir ar an innealtóireacht. Níor úirt mé é sin fós — go leor mata) os ár gcomhair a bheidh tábhachtach don ábhar áirithe sin i mbliana. 

Tosaíonn na rudaí deacra ag sleamhnú isteach i ngan fhios duit go hiondúil, thart ar an gceathrú nó an cúigiú seachtain, agus bíonn tú ag stánadh ar an gclár bán ag iarraidh a oibriú amach céard a tharla mar gur thuig tú an méid a bhí á rá an lá roimhe. 

Ní bheidh an iomarca stró orm an tseachtain seo le cúnamh Dé ach go bhfóire Dia orm sna seachtainí atá le theacht.

Mar sin caithfidh mé coirnéilín compordach éicint a aimsiú sa teach – b’fhéidir in aice leis an taephota – le mo thóin a chur agus mo chuid nótaí a dhéanamh amach. 

D’fhoghlaim mé i mí Aibreáin seo caite nach bhfuil aon mhaitheas a bheith ag breathnú ar na léachtaí ar líne suite ar an tolg. Ar an gcéad dul síos níl sé go maith do mo dhroim, ach chomh maith leis sin níl aon bhealach compordach ná éasca peann a chur le páipéar agus súil a choinneál ar an ríomhaire. Teastaíonn deasc agus cathaoir. 

Sin é a bhfuil le rá agamsa an tseachtain seo Ádh mór le duine ar bith a bheidh ag tosnú ranganna go gairid. Go mba fada uainn na scrúduithe!