Aireoidh mé uaim baile an Tí Mhóir…

The world is charged with the grandeur of God” a dúirt Gerard Manley Hopkins.

“Niamhrach an radharc san earrach thiar” a dúirt an Díreánach.

Is iad a bhí ag dul trí m’intinn agus mé ar shiúlóid le mo mhadra inniu. Bhí mé théis ‘seol’ a bhrú ar dhá thionscnamh ollscoile agus bhí mo chuid tae i mo bholg agus cúpla caibidil de mo leabhar léite agam faoi theas na gréine, ar an bhfoscadh ón ngaoth ar ndóigh, agus chonaic mé an gadhar thall ar an bhféar agus ghlac mé trua air. (Tá mé in ann a bheith i mo dhuine deas anois is arís.)

Bhain mé den slabhra é agus chuir mé ar an éill é agus siúd linn síos le cladach. Bhí an trá ag fanacht linn (ní ceann é a théann ar seachrán an-mhinic le bheith fírinneach) agus lig mé cead don mhadra mé a tharraingt cibé cén áit a raibh a shrón féin á thabhairt. 

Dumhach na Leanbh, an Teach Mór

Siar a dúirt sé, mar sin siar a chuaigh muid. Chuaigh muid siar thar Dhumhach na Leanbh, crois mhór bhán ag sá aníos as an bhféar agus ag lonrú faoin ngrian ó cuireadh snas uirthi cúpla bliain ó shin — brónach ach álainn. Taobh thiar di sin bhí trá eile agus is ansin a bhuail an áilleacht mé.

Amach romham bhí achar mór gainimh, mín agus réidh ag síorghabháilt na farraige, agus paistí feamainne caite in áiteacha agus carraigeacha ag sá aníos aisti; chuile shórt ag teacht le chéile faoi sholas na gréine agus gan duine ar bith ann lena fheiceáil ach mé féin. 

Amach píosa eile ansin agus bhí an fharraige mhór amuigh romham. Dealramh na gréine ag damhsa ar dhromchla na mara agus í míshocair ag gaoth an Atlantaigh. Thug an ghaoth léi na ribeachaí féir trá chomh maith agus iad luascadh le cóir na gaoithe. 

Nuair a d’iompaigh muid ar ais ansin, droim le gréin, agus an loinnir imithe de na tonnta, bhí an t-uisce chomh glan leis an gcriostal agus í chomh glas le huiscí na mBahámaí. Rónta ar charraigeacha ag sú isteach solas na gréine agus éanacha ag rásaíocht leo tríd an spéir ghorm ghlan. (Agus mise ag súil nach gcacfaidís orm).

Suas linn an bóithrín ansin, agus líonadh an radharc le chuile chineál dath glas (nó uaine is dóigh is cirte le rá) ag garrantaí an Tí Mhóir. Bhí cnocáin ag éirí agus ag titim leo síos i ngleannta beaga. Bhí bóithrín gan tarra ag casadh soir is siar ag gearradh bealach suas ón trá go dtí an bóthar mór. Bhí na cnocáin breac le claíocha cloch. Iad ag leanacht threoir na talún, suas agus síos ag bualadh le chéile, ag gabháil i bhfolach taobh thiar dá chéile agus tarraingt línte ar fud fad na háite ag roinnt an talaimh uilig ina phíosaí. Mar a bheadh leathanach as cóipleabhar mata, brúite ina liathróid agus tarraingthe óna chéile arís ach gan mórán iarracht é a dhíriú ceart.

Báid seoil ag déanamh an róid anoir ó Fhéile na mBád, an Teach Mór

Cá raibh mé? Cóipleabhar mata? Ó is ea! Ar shiúlóid. 

Tá an ceantar beag s’againne go hálainn. Agus cáil mise ag dul go gairid? Anonn go Meiriceá! Coincréit, bóithre tarra, daoine sa mullach ar a chéile, táille le ghabháil ar an trá, carranna agus bóithre agus tuile caranna agus tuile bóithre. Torann agus aimsir chomh te go mbíonn sé deacair anáil amanta.

Tá mé buíoch gur féidir liom a ghabháil anonn ach aireoidh mé uaim baile an Tí Mhóir.