An dtuigeann tú idirdhealú praghsanna?
Seo scéal duit...


Beidh mé ionraic libh, ní haon eacnamaí mise.

Ach thosaigh mé ag léamh faoi ‘idirdhealú praghsanna’ i rith na seachtaine agus teastaíonn uaim é a roinnt libh.

In 2016 dhíol Tesla dhá leagan éagsúla dá ghluaisteán leictreach, an S agus an X.

Bhí an rogha ag an gcustaiméir leagan le ceallra 60 cileavata san uair nó 75 cileavata san uair a cheannach.

An difríocht a bhí sa phraghas ná $9,000.

Ceallra céanna, feidhmíocht éagsúil.

Nuair a bhuail hairicín Florida le déanaí bhí an-chuid daoine ag teitheadh as an stát ina ngluaisteáin.

Do na daoine a raibh gluaisteán leictreach 60 cileavata Tesla acu, tharla míorúilt – mhéadaigh cumhacht na gceallraí!

Go bunúsach, bhí Tesla in ann rud éigin a dhéanamh ó chian a labhair le teicneolaíocht na ngluaisteán (ní innealtóir mé ach oiread!).

Bhrúigh siad cnaipe agus d’iompaigh na gluaisteáin 60 cileavata ina ngluaisteáin 75 cileavata.

“Tá súil againn go ligeann sé seo duit taisteal chuig do cheann scríbe go muiníneach agus go héasca,” a scríobh Tesla.

Agus leis sin bhí na tiománaithe in ann 30 míle sa bhreis a thaisteal ar ceallra lán agus iad ag teitheadh ón drochaimsir.

Ní gach duine a bhí sásta leis an nuacht nach raibh sa difríocht idir an 60 cileavata agus an 75 cileavata gluaisteáin ach athrú bréagach a rinne Tesla d’aon ghnó.

Cén fáth a ndéanfaidís sin?

Chuir an freagra iontas orm.

Bhuel, tosóimid ón bhun: conas a shaothraíonn comhlachtaí airgead?

Bailíonn siad brabús ar na táirgí a dhíolann siad.
Bealach amháin le han-chuid brabúis a dhéanamh ná praghas iontach ard a chur ar tháirge.

Ach bíonn fadhb leis sin.

Má tá an praghas ró-ard, cé go ndéanfaidh an comhalcht brabús iontach gach uair a ndíoltar táirge, beidh níos lú daoine ann a bhfuil sé ar acmhainn acu an táirge a cheannach.

Mar sin caithfidh an comhlacht oibriú amach cad é an méid is mó airgid gur féidir leo a bhailiú ó gach gcustaiméir, lucht an airgid agus lucht an bheagán airgid araon.

Chun é sin a dhéanamh tá sé mar ghnáthchleachtas leaganacha éagsúla den táirge a dhíol.

Bíonn na leaganacha ar chaighdeáin éagsúla, agus praghsanna éagsúla dá réir.

Tuigimid ar fad é seo, agus an áit is coitianta a bhfeicimid é ná san ollmhargadh.

Ach an rud a d’fhoghlaim mise i rith na seachtaine ná gurb é an bealach a dhéanann na comhlachtaí táirge atá ar chaighdeán níos ísle a chruthú ná DAMÁISTE a dhéanamh do tháirge atá ar ardchaighdeán.

Sin an bealach is saoire len é a athrú.

Seachas táirge nua a chumadh agus a dhearadh, ní gá ach athrú a dhéanamh don táirge atá acu cheana.

Nuair a chruthaigh Tesla an gluaisteán níos ‘measa’ ar $9,000 níos saoire, bhí siad ag freastal ar chuid den daonra nárbh fhéidir leo an gluaisteán níos ‘fearr’ a cheannach.

Mar sin, ar an móriomlán tugann idirdhealaú praghsanna deis dúinn táirgí a cheannach ar phraghas réasúnta.

Le linn dom bheith ag léamh faoi, thuig mé go bhfuil roinnt bealaí eile a úsáideann comhlachtaí idirdhealú praghsanna – dearbháin lascaine, mar shampla.

Má tá tú gann go leor ar aigead go mbaileoidh tú dearbháin lascaine, is féidir leat táirgí a cheannach ar phraghas níos ísle.

Mura bhfuil ort bheith cúramach faoi airgead, ní bhacfaidh tú leis.
Mar sin faigheann an comhlacht dhá chustaiméir a cheanaíonn an méid gur féidir leo.

Oibríonn lascainí do mhic léinn mar an gcéanna.

Tuigtear nach mbíonn an t-airgead céanna ag mic léinn agus mar sin tugtar táirgí agus seirbhísí dóibh ar phraghas atá ‘cothrom’.

Agus i ndáiríre, nuair a smaoiníonn tú air, go minic bíonn coinníollacha leis na lascainí sin – is gá dul isteach ag am nach mbeidh ‘gnáth-chustaiméirí’ ann srl.

Mar sin, tá na mic léinn ag cabrú leis an gcomhlacht ag deireadh an lae, agus ag tabhairt gnó dóibh ag am a bheidís ciún!

Scéal iomlán é dhá phraghas éagsúla a bheith ann d’fhir is do mhná, agus bígí cinnte go mbeidh alt ar an ábhar sin ag teacht uaim go luath!