An Gael is Gnéasúla á lorg
“Bean nó fear, beo nó marbh!”

Tá suirbhé aon cheiste á scaipeadh i measc na nGael ó bhí an lá inné ann a iarrann ar dhaoine ainm an Ghaeil is gnéasúla riamh a chur chun cinn.

Is í Ciara Ní É, scríbhneoir rialta de chuid NÓS, atá á reáchtáil an tsuirbhé.

“Is féidir leat duine ar bith a roghnú – fear nó bean, marbh nó beo, a bhfuil canúint ar bith acu! An t-aon choinníoll ná go bhfuil Gaeilge éigin acu,” a deir Ciara.

“Le go mbeidh cothromaíocht aoise ann, ba bhreá liom dá gcuirfeadh daoine ceist ar a seantuismitheoirí nó ar a gcuid comharsana faoi cé a cheapann siad a bheith ar an nGael is Gnéasaí.”

Gan an suirbhé ach lá seolta, fógraíodh ar chlár ‘Chris agus Ciara’ ar RTÉ 2FM aréir go bhfuil an craoltóir Chris Green ag iarraidh ar a chuid éisteoirí tacú leis agus a ainm a chur chun tosaigh don mhórtheideal seo.

D’iarr comhchraoltóir Chris, Ciara King, ar na héisteoirí vóta a chaitheamh ar son Chris, a bhí ag súil le bheith ainmnithe mar “An Gaeilgeoir is Sexyáilte in Éirinn”.

Tuigtear do NÓS go mbeidh iomaíocht ghéar ag Chris áfach agus leithéidí Síle Seoige, Irial Ó Ceallaigh, Siún Nic Gearailt agus Gráinne Mhaol féin fiú san iomaíocht cheana féin agus dhá lá fágtha fós chun ainmneacha a chur san áireamh.

Coinnígí súil amach ar NÓS sna laethanta amach romhainn le fáil amach cé hí nó hé ‘An Gael is Gnéasúla’.

Ainmnigh do Ghael Gnéasúil anseo, ní thógfaidh sé nóiméad ort!