An Nollaig mar a bhí…

Cuireadh ceist orm le déanaí, faoin Nollaig mar a bhí. Agus ba dheacair orm an cheist sin a fhreagairt. Cá dtosnóinn? Ag iarraigh greim a fháilt ar an draíocht sin atá ag cur fúithí go domhain i mo bholg, cinnte go bhfuil sí ann ach buartha fé na mothúcháin eile a thiocfadh i mbarr an uisce.

Ar an drochuair, thosnaíos ar na rudaí diúltacha, go cosantach is dócha, ag iarraidh céim chun tosaigh a fháilt air an ollphéist sin. Óir, bhí an cuma air i gcónaí nár thaitin an Nollaig le mo mháthair. Rud atá dothuigthe do pháiste óg. Ní haon ionadh é sin nuair a deirim go raibh ochtar páiste agus ganntanas airgid sa tigh, ach do bhean le dearcadh dearfach aici i leith beagnach gach rud eile sa tsaol, ní fhéadfainn glacadh leis an meon seo i leith na Nollag. 

Cuimhnigh gur pháiste an-óg agus ró-mhaith a bhí ionam, ag iarraidh i gcónaí go mbeadh suaimhneas sa tigh, ag súil leis na rudaí a bhéarfadh Santaí chugainn, ag guí air pé rud a bhí de dhíth ar Mhamaí a thabhairt di i mbliana. De réir mar a théann na cuimhní cinn ar aghaidh, n’fheadar an bhfuair sí aon ní ó Santaí sna blianta sin. B’fhéidir nuair a bhí sí pósta i dtosach, sna laethanta ina mbídís ag tabhairt cuairt ar Santaí leis an triúr is sine. Ní dóigh liom gur bhuail an cúigear eile againn leis an bhfear mór riamh. Agus ‘siad an cúigear céanna a thabharfadh fé maisiúcháin an tí gach bliain. Is cuimhin liom oícheanta a chaitheamh ag déanamh sleabhraí páipéar ildathach le chéile agus á gcrochadh ar fud an tí nuair a bhí Mam agus Daid bailithe leo go céilí na Nollag. 

B’shin an gnáth rud againne is dócha. Mar thoradh air sin ar fad, do thiocfadh brón aniar aduaidh orm gach bliain, agus ag am éigint i rith na laethanta saoire théinn isteach sa seomra suite liom fhéinig, gan ar lasadh ach tine chip agus soilse beaga an chrainn Nollag. Chaithinn leathuair mar sin, sa leathdhorchadas, ag cumadh ceoil brónach ar an piano nó ag canadh go híseal agus oibriú na hintinne ar siúl agam is dócha.

Bhíodh deor nó dhó i gcónaí ach fén am go mbeinn ag cuimilt m’aghaidh arís bheinn réidh le tabhairt fé chluichí na séasúir arís. Agus is iomaí cluiche a bhíodh againn idir chartaí agus chluichí boird. Is ansan go dtagadh na buntáistí a bhaineann le clann mhór chun chinn. Na cluichí a bhíodh againn i ndiaidh dinnéir lá Nollag, ní fhacthas a sárú riamh agus sprid na hiomaíochta go hard eadrainn. ‘Sé sin le rá go bhfuil duine nó beirt sa tigh ná raibh ró-mhaith ag cailliúint ach a dhein a ndícheall an cheacht sin a fhoghlaim gach Nollaig. 

Rud eile a bhain leis an Nollaig i gcónaí dom ná feiniméan ar a dtugaim ‘Bolg na Nollag’. An dtuigeann éinne eile é sin? N’fheadar an mbaineann sé le himní nó leis an bhfuacht, ach tagann ocras éagsúil orm um taca na bliana seo. Ar nós tonnta sceitimíní sa tóir ar a chéile ar bharr mo bhoilg agus ná fuil aon leigheas orthu ach b’fhéidir iad a chiúiniú le bia nach mbíonn uaim de gnáth; cáis, criospaí, srl.

Cé go mbaineann sé le réamhaíocht, ní tharlaíonn sé ach amháin roimh an Nollaig. Agus níor stop sé nuair a d’fhás mé aníos. Ag scríobh anois, i 2020, tá an bolg sin orm. Agus deirim liom fhéin gur cheart dom glacadh go bhfuilim ag súil go mór leis an Nollaig in ainneoin gach rud. Mar is cuimhin liom maidin sheaca áirithe. 

D’fhágfadh Santaí na bronntanais dúinn sa tseomra suite agus cuirfeadh sé an doras fé ghlas ina dhiaidh, ionas go mbuailfimid ar fad isteach sa chéile. Is breá liom na nósanna éagsúla a bhíonn aige ó thigh go tigh. Bhí Mam imithe isteach ann romhain chun an tine a lasadh. Tháinig sí amach ag tarraingt an dorais ina diaidh. ‘Ar tháinig sé?’ A d’iarr an cailín óg a bhí ag guairdeall go himníoch sa halla. Sméid sí a ceann.

Croí i mo bholg, chas mé ar na rice krispies a bhíodh mar ‘treat’ lá Nollag. Ach ba dheacair orm iad a shlogadh. Bhí seomra lán le bronntanais ag fanacht, agus an bhliain chéanna bhí mé tar éis rud mór a iarraidh air. Ní fhéadfainn creidiúint go ngeobhainn é. Fén am gur shiúlamar ar fad isteach, is ag faire ar na nithe beaga a bhíos, ag iarraidh céim chun tosaigh a fháilt ar an díomá. Sa deireadh, chuir Daid a lámh tharam. ‘Cad é an bosca sin?’ a d’iarr sé orm, ag síneadh amach a mhéire. Bosca mór, cairtclár donn, le ribín agus m’ainm air. Mo chéad giotar. Mo bhuíochas le Santaí fós don Nollaig iontach sin.