Ba cheart spásanna aeracha a chruthú sa Ghaeltacht

Séidigí na balúin, tógaigí na pléiscíní cóisire as an bprios – tá Antóin Beag ag bogadh chun an bhaile. Tar éis na mblianta thuas i mBaile Átha Cliath, tá sé in am dom dul ar ais go Machaire Rabhartaigh. 

Tá cúpla cúis leis seo. Beidh an léas atá agam ar an árasán istigh sa samhradh agus tá an tiarna talaimh leis an áit a dhíol. Mar a dúirt sé féin “níl mé ach ag déanamh €700 oraibh sa mhí”. An creatúr bocht. 

Anuas air sin, táim ag obair ón mbaile le tamall fada agus go dtí go bhfuil an aicíd uafásach seo imithe, ní bheidh mé san oifig arís. Seo seans maith le ham a chaitheamh le mo thuismitheoirí, nach bhfaca mé le bliain anuas, agus airgead a shábháil don éarlais do theach dom féin. Caithfidh mé an Lotto a bhaint le teach a cheannacht i mBaile Átha Cliath, ach sin scéal eile. 

Tá mé ag súil go mór le ham a chaitheamh leis an teaghlach, siúl ar an trá achan lá, bualadh níos minice le mo chairde as an bhaile agus rudaí a shocrú dom féin tar éis scaradh le mo bhuachaill. Sílim go mbeidh am ar dóigh agam sa bhaile. 

Tá grá ollmhór agam den ceantar inár tógadh mé agus ach ceist mhór atá mé a phlé liom féin ná an mbeadh fonn orm fanacht ins an pharóiste go lánaimseartha? Ag an am seo, ní dóigh liom é. 

Is áit ghalánta shuaimhneach é Machaire Rabhartaigh, agus tá na daoine ann ar fheabhas. Ach tá deacrachtaí ann ó taobh infreastruchtúir de, ó thaobh acmhainní ins an gceantar agus ó thaobh na fostaíochta. Ach tá fadhbanna ann freisin ann maidir leis an saol a chaitheamh san áit mar fhear aerach bródúil, go háirithe tar éis fás aníos ann.

Tá mise anois go hiomlán difriúil ná mar a bhí nuair a bhí mé ina dhéagóir. Ag an am sin bhí sé fós mídhleathach a bheith aerach (go dtí 1993) agus ní dhéantaí aon chaint sa bhaile faoin aerachas –  ach amháin faoin méid a tharla do George Michael agus é sa leithreas, Queer As Folk ar an téilifís agus faoi SEIF. Ní bhíodh aon chaint dhearfach ann faoi dhaoine aerach. Bhí gach rud a chuala mé faoin phobal LADT, uafásach agus diúltach. Maslaí a bhí sna focail ‘aerach’ agus a leithéid agus caitheadh na maslaí céanna liom féin go minic. 

Gan dabht, ba é an t-am a chaith mé ar an meánscoil, an t-am ba mheasa de mo shaol. Gach lá nuair a chuaigh mé isteach ar scoil, bhí rud le rá ag daoine éagsúla. Ní fhéadtaí déileáil leis an dóigh aisteach, aerach, a d’iompair mé mé féin, agus bhí feidhm orthu rud inteacht a rá. Gach lá chuala mé go raibh mé i mo freak, i mo faggot, i mo weirdo, i mo cunt stewy, i mo bender. Achan lá. 

Aisteach go leor, b’fhearr liom na ionsaithe fisiciúla a rinneadh orm mar tar éis lá nó beirt níor fhan an phian ann. Cibé duine a chum an nath faoi “sticks and stones”, níor fhreastail siad ar an scoil chéanna liomsa. Fiú nuair a rinne mé iarracht dul go dtí an príomhoide faoin méid a bhí ag tarlú, ní dhearna sé faic — ní raibh sé ag iarradh aon rud a cloisteáil faoi, gó hairithe dá ndéarfainn aon rud in éadan laoch CLG. 

Níor thuig mé cén fáth a gcuirfeadh mise, gnáthdhéagóir, isteach chomh mór sin ar dhaoine eile. Ba mheasa gach lá ná an lá roimhe.

Tá a fhios agam gur fadó a tharla an méid thuas ach sin an taithí a bhí agam, agus an rud ar fhás mé aníos leis. Do dhaoine aeracha atá ar comhaois liom féin, sin an taithí a bhí acu ar scoil. An bhfuil rudaí níos fearr anois — tá gan dabht. Táthar ag teacht amach go mór ar son chearta LADT. An bhfuil an homafóibe fós ann? Tá.  

Ni raibh sé go dtí gur fhág mé Dún na nGall le dul ar coláiste agus gur thosaigh mé ag freastal ar imeachtaí aeracha gur thuig mé rud inteacht iontach tábhactach. Bhí na daoine i nDún na nGall go hiomlán mícheart fúm agus faoi dhaoine aeracha go ginearálta. 

Ní raibh muid inár freaks mar a maíodh – bhí muid cosúil le gach duine eile ar an saol. Dá mhéad ama a chaith mé i mBaile Átha Cliath, is ea is suaimhní ionam féin a bhí mé. Ghlac sé na blianta orm ach d’éirigh liom a bheith sastá ionam féin agus sa saol a chruthaigh mé dom féin.

Ag an am chéanna bhí meon an phobail ag athrú freisin faoin phobal aerach, go háirithe sa bhaile. Tháinig seo uilig le chéile ag an reifreann ar an phósadh aerach. Chonaic mé na daoine ag labhairt amach ar son na cúise, ag labhairt amach ar mo shonsa, daoine ar nós Eamon McGee agus an tAthair Brian Ó Fearraigh. Ní dóigh liom go dtuigeann an bheirt sin an éifeacht a bhí ag na ráitis a rinne siad ar an phobal aerach sna ceantair Ghaeltachta.  

Tá a fhios againn uilig gur ritheadh rún an reifrinn agus anois is féidir le lánúineacha aeracha pósadh – (ach níor chuir duine ar bith an Cheist ormsa go fóill agus táim singil anois, a leaids mar sin brostaígí!).

Tá difir ollmhór ann tar éis an reifrinn agus nuair a bhíodh mé sa bhaile leis an mbuachaill is déanaí, ní chloisinn aon droch-chaint  agus glacadh liom – nuair a bhíothas ag caint le mo bhéal ar scor ar bith. Ach mar sin féin, is cuma faoin atmaisféar glanta atá ins an cheantar (go háirithe Teach Coll) tá faitíos orm fós. 

D’athraigh an chuid is mó de na daoine go mór. Bíonn seanmhná ag iarraidh orm cuireadh a thabhairt dóibh go mo bhainis aerach. Bíonn leaids an CLG ag déanamh comhrá le mo bhuachaill faoin Bake Off. Rudaí nach bhféadfaí a shamhlú tamall de bhlianta ó shin. 

Is faoin mionlach atá an faitíos orm. Seo iad na leaids ins an bhaile atá homafóbach. Bhí siad homafóbach liom ar an scoil agus gach uair a chonaic mé ó shin iad, bhí siad an dóigh chéanna. 

Deir siad rudaí maslacha faoina n-anáil ins na siopaí na ins na beáir. Déanfaidh siad soiléir é nach bhfuil siad ag iarradh go mbeinn ins an áit chéanna leo agus tá siad ag fanacht le leithscéal tosnú ort le fhir mhóra a dhéanamh díobh féin. Nuair a bím sa bhaile, ní ólaim go déanach san oíche i nGaoth Dobhair ná ar an Fhál Carrach mar ní shílim go bhfuil mé sábháilte. 

D’fhág mé beáir go minic mar bhí a fhios agam go raibh leaids ag fanacht le leithscéal ar bith ionsaí a dhéanamh orm. Ólaim Tigh Choll amháin anois. Dá mbeinn i mo chónaí go lánaimseartha sa bhaile bheinn i teagmháil leis na fir seo níos mó agus níos mó agus sílim nach mbeodh sé rófhada sula n-ionsófaí mé. 

Agus abair dá ndéanfaí ionsaí orm agus mé sa bhaile. Ní shílim go mbeadh na Gardaí in ann mórán a dhéanamh. Fiú má tharlaíonn aon eachtra homafóibe i mBaile Átha Cliath, tá seans ollmhór ann nach mbeidh na Gardaí in ann tada a dhéanamh agus ní bhéarfaidh siad greim ar na daoine a rinne.. Cén fáth an mbogfá chun an bhaile dá mba dhuine LADT thú, gan an tsábháilteacht chéanna a fhaigheann tú i gcathair, agus i measc daoine a dhéanann soiléir é nach maith leo thú?  

Ag deireadh an lae, tá an mhórchuid daoine sa bhaile chomh deas, chomh cairdiúil agus chomh cuidiúil sin. Ach ní hiad na daoine a bhfuil mé imníoch fúthu. Is é an mionlach a chuireann isteach orm agus ar mo phlean bogadh chun an bhaile. Agus gan na Gardaí amuigh faoin tuath, gan an pobal LADT agus gan na spásanna LADT – ní dóigh liom go mbeidh daoine aeracha abálta a bheith faoi bhláth faoin tuath. 

Ach is deacra fós fanacht i mBaile Átha Cliath an chíosa aird agus na gcostas mór, go háirithe don duine singil. Ba chóir spásanna aeracha a chruthú sa Ghaeltacht le go n-aireoidh páistí aeracha Gaeltachta sábháilte agus le go mbeidh mo leithéidse ar ár suaimhneas ag pilleadh chun an bhaile.