Bainseó “sa bhaile”
tar éis 9 mbliana ar seachrán!

Tá buíochas á ghabháil ag an cheoltóir iomráiteach Damien O’Kane le strainséir a chuir a bhainseó abhaile chuige, 9 mbliana i ndiaidh dó bheith goidte.

Sciobadh bainseó teanóir ó Damien ar 24 Samhain 2007, i gceantar an Quayside, Newcastle-Upon-Tyne, Sasana.

Uirlis annamh í, déanta ag Phil Davidson de mhailp, ina raibh dearadh Ceilteach ar a chúl agus leasainm Damien ‘Dee’ greanta i mbun mhuineál an bhainseó.

Is amhránaí agus sárcheoltóir traidisiúnta é Damien as Cúil Raithin, Co.Dhoire, cé go bhfuil sé ina chónaí thall i Sasana le fada an lá.

Damien 03

Nuair a goideadh an uirlis, scaip Damien an scéala ar fhóraim éagsúla cheoil ach focal níor chuala sé go dtí gur tháinig dea-scéala aniar aduaidh air trí theachtaireacht phearsanta ar Facebook an Domhnach seo caite.

Is í Amy Catherine Elliott, réalta punc den bhanna Maid of Ace, an tsíog anaithnid a bhí ag fiosrú faoin bhainseó.

Bheartaigh Amy úinéir na huirlise a aimsiú i ndiaidh gur thug a cara an bainseó di tamall gairid ó shin.

Cé nach seinneann Amy ar an bhainseó, ba léir di chomh huasal leis an uirlis.

Leas ainm Damien, ‘Dee’, a bhí greanta i mbun mhuineál an bhainseó, a chuir dlús le tóraíocht Amy.

Agus í ag googláil ‘Dee’, tháinig sí ar sheanphostálacha a thagair don bhainseó ar iarraidh agus chuaigh sí i dteagmháil leis láithreach ar Facebook.

“Is ceoltóir mé féin” a scríobh Amy, “agus caithfidh an bainseó seo dul ’na bhaile.”

Ghabh Damien buíochas ó chroí le Amy ar maidin ar Facebook agus mhol sé an “ionracas, macántacht agus flaithiúlacht as cuimse” a rinne sí sna hiarrachtaí a bhainseó – an chéad uirlis cheoil a cheannaigh sé – a chur ar ais chuige, teachtaireacht a mheall breis agus dhá mhíle ordóg in airde ó mhaidin.


Tá an t-albam is déanaí aige ‘Areas of High Traffic’ ainmnithe sa rannóg ‘Albam is Fearr’ ag na BBC Folk Awards 2016, mar aon lenár gcairde Lynched!

Is féidir vóta a chaitheamh go dtí an 19 Feabhra anseo