Bheadh ag éirí níos fearr liom dá mbeinn ag dul isteach chuig an gcoláiste
dialann Dhomhnaill

Tá muid leath bealaigh tríd an téarma ollscoile seo agus go bhfóire Dia orm ach tá mé ag streachailt. Lá i ndiaidh lae feictear dom go mbíonn an t-ualach atá orm ag méadú agus ag méadú agus gan mé in ann an spreagadh a fháil le rud ar bith a dhéanamh faoi. 

Is é an chaoi a bhfuil cúrsaí scoile ag dul faoi láthair ná go n-éiríonn mé amach as an leaba ag cúig chun a haon déag chuile mhaidin, tarraingíonn mé an chéad ghiobal a fheiceann mé ar an urlár orm féin, líonann mé an muigín is mó sa teach go barra bachall le caife agus suíonn mé os comhair mo ríomhaire ag éisteacht le seanfhear leadránach éicint ag caint ar “shear stresses” nó ar “infrared sensors” agus gan brí ná beocht le feiceáil ann. Cén chaoi a bhfuil mé ceaptha aird a thabhairt ar sin?

 Ag deireadh an lae bíonn m’intinn chomh hídíthe agus chomh caite ag an scáileán céanna agus an chathaoir chéanna agus na cluasáin chéanna sa seomra céanna agus an t-eolas nua seo ar fad ag imeacht díreach amach as mo chloigeann an soicind a stopann an léachtóir deireanach ag caint. 

Faoin am sin ní bhíonn fonn dá laghad orm obair baile ná tionscnamh ná rud ar bith eile atá bainteach leis an scoil a dhéanamh. Chomh maith leis sin sa tráthnóna bíonn mé ag iarraidh mo chuid ritheachta a dhéanamh ach an oiread le workout, beagán léitheoireachta agus am a chaitheamh le mo mhuintir. 

Ach mura ndéanaim an obair seo uilig i ndiaidh mo chuid ranganna cén uair dhéanfar í? Faraor ní oibríonn “Soraí a mháistir, d’fhág mé mo chóipleabhar sa mbaile” sa gcoláiste agus bíonn tionchar ag an obair baile ar an marc ag deireadh na bliana, rud a bhíonn thar a bheith handy nuair a thagann aimsir scrúdúcháin ach idir an dá linn bíonn brú mór ag baint leis. Mar má dhéanann tú cac de tá tú ag caitheamh marcanna éasca uait.

Cheapfainn dá mbeinn ag dul isteach chuig an gcoláiste go mbeadh ag éirí i bhfad níos fearr liom. Ar a laghad nuair a bhí mé istigh ar an gcampas anuraidh, bhínn in ann a dhul isteach sa leabharlann dá mbeadh briseadh fada againn idir ranganna agus d’éireodh liom go leor oibre a dhéanamh. Bhínn in ann suí in aice le mo mhéit agus muid ag tabhairt cúnamh dá chéile, ach mar gheall go mbíonn orainn a bheith thar a bheith ciúin sa leabharlann níor fhéadadh muid a bheith ag clabaireacht agus ag caint seafóide lena chéile. Dhéanadh muid ár ngnó agus ghabhadh muid ar aghaidh go dtí an chéad léacht eile. Bhí ag éirí go maith linn. 

Ach anois agus muid sáinnithe sa mbaile, níl de chúnamh le fáil ach pictiúr de fhreagra mo chara inár féidir liom na huimhreacha i mo cheist féin a mhalartú leis na ceanna a fuair mo chara. Níl aon “siod é an fáth a ndearnadh mé é seo” ná “déanann tú ar an gcaoi seo é nuair a bhíonn sé sin sa gceist” rud a thug an-chúnamh do dhuine sa scrúdú. Agus mar gheall gurb iad an cheithre bhalla chéanna atá i mo thimpeall bíonn an iomarca “am scoile” ann, idir léachtaí agus obair baile, le hais an méid a bhí ann anuraidh cé nach bhfuil níos mó ná níos lú ranganna ná obair baile againn i  ndáiríre.

Sílim go gcaithfidh mé tosaí ag éirí níos luaithe agus mo chuid oibre a dhéanamh sul má thosaíonn rang ar bith le nach mbeidh mo intinn spíonta ag ranganna an lae agus mé á déanamh.