‘Bhí an cac ar creathadh ann’
Oíche Shamhna ar Focloir.ie!

Is é an Foclóir Nua Béarla-Gaeilge, atá ar fáil ar líne ag focloir.ie, an foclóir is údarásaí dá bhfuil againn agus  níor loic lucht na bhfocal orainn nuair a d’iarr NÓS orthu liosta scanrúil a sholáthar! Beannachtaí na Samhna oraibh!


Hallowe’en costume culaith Oíche Shamhna

scary scanrúil, scanraitheach

I nearly died of fright baineadh an croí asam, tógadh ó thalamh mé

he took fright and ran off tháinig eagla air agus d’imigh sé ina rith, scanraigh sé agus d’imigh leis

she was given a terrible fright scanraíodh go mór í, baineadh scanradh mór aisti

the spirit world an saol eile

ghoul amhailt

a two-headed monster arracht décheannach, arracht a bhfuil dhá cheann air

he was scared shitless bhí eagla a chraicinn air, bhí eagla an domhain air, bhí an cac ar creathadh ann le faitíos

I uttered a terrified cry lig mé scread uafáis

scrape the flesh out of the pumpkin scríob an bia amach as an bpuimcín

bat ialtóg, sciathán leathair

he’s evil to the core tá an drochrud go smior ann

he’s under an evil spell tá sé faoi gheasa droma draíochta

to cast a spell on sb (also to cast a spell over sb) duine a chur faoi dhraíocht, ortha a chur ar dhuine