‘Bhí mé cinnte go mbeadh mé i mo Adonis ceart gan mhoill…’

Lá amháin, i rith an tsamhraidh, bhí mé féin, m’uncail agus an criú uilig ag réiteach le gabháil abhaile ag deireadh an lae tar éis lá crua oibre. 

Bhí muid tar éis an lá a chaitheamh ag déanamh poll i mballaí siopa go bhféadfaí fuinneoga móra a chur ann. Bhí na poill déanta agus muid á ndúnadh le cláracha adhmaid (don oíche). 

Bhí mé féin ag breith ar chlár amháin, ag fanacht go mbeadh na leaids réidh lena chur suas. Bhí sé ag luí i m’aghaidh agus nuair a bhreathnaigh mé síos nach raibh mo bholg brúite amach agus suite ar thaobh an chláir. Bhí mé náirithe. 

I ngan a fhios dom féin bhí méid mór millteach na mbéilí Meiriceánacha agus an dúil mór atá agam i mbia tagtha aniar aduaidh orm. Bhí mo bholg ata agus dá mbeadh seans ar bith agam spórt ar bith a imirt nuair a thiocfainn ar ais abhaile bhí orm é sin a athrú. 

Cé gur chuir mé le méid mo mhatán ag déanamh obair thógála bhí méid mo ghoile fásta freisin leis an laghad aclaíochta a bhí dhá dhéanamh agam. (Le bheith féaráilte, bhínn tugtha ag deireadh an lae tar éis a bheith “ag sclábhaíocht ‘s ag sluaisteáil chré” i dteas damanta Mheiriceá).

Mar sin d’iarr mé cúnamh ar mo chol ceathrar (bhí sé ar dhuine den deichniúr iomrascálaithe ab fhearr i Meiriceá nuair a bhí sé sa gcoláiste – tá an diabhal sin aclaí). Dúirt sé liom a theacht ag ritheacht leis mar go bhfuil sé níos éasca a bheith ag ritheacht agus comhluadar agat. “Giorraíonn beirt bóthar,” a deir siad. An lá céanna, rith muid cúig mhíle.

Ní fear mise a rinne mórán reatha riamh murar traenáil é ach, an chuid eile den am a bhí mé i Meiriceá, rith an bheirt againn soir, siar, suas agus síos. 

Tháinig mé abhaile go hÉirinn agus choinnigh mé orm ag déanamh mo chuid reatha agus podchraoladh mar chomhluadar agam in áit mo chol ceathrar.

Ansin seachtain ó shin chuir duine de na leaids atá ar an bhfoireann iománaíochta córas aclaíochta le meáchain agus ceann eile, nach dteastaíonn ach do chorp agus an t-urlár lena dhéanamh, chuig an bhfoireann. 

Is córas é seo a cuireadh le chéile d’imreoirí CLG. Bhí ríméad ormsa. Leis seo, agus le mo chuid reatha, bhí mé cinnte go mbeadh mé i mo Adonis ceart gan mhoill.

Thosaigh mé leis na cosa tráthnóna Dé Luain (cuimhnigh nach raibh mórán obair dhian déanta ag mo chuid matán le mí go leith ó stop mé an obair i Meiriceá). Bhuel an oíche sin is ag lámhacán suas an staighre a bhí mé go dtí gur thit mé i mo chrap isteach sa bhfolcadán. 

An chéad trí oíche eile ina dhiaidh sin bhí na guaillí, na lámha agus an droim le céasadh agam. Tá a fhios agat go bhfuil rudaí go dona nuair nach bhfuil sé de neart agat do dhá lámh a chrochadh suas sách ard le seampú a chur i do chuid gruaige. 

Tuigim nach bhfuil déanta agam ach seachtain ach geallaim duit go gcoinneoidh mé leis agus cé go raibh mé crupthaí crapthaí an tseachtain seo b’fhiú é leis an mblonag Phoncánach a chaitheamh díom.