5 Nod Cócaireachta
a dhéanfaidh cócaire níos fearr duit!

Lá maith is ea an Domhnach leis na cófraí a chíoradh agus am a chaitheamh ag baint triail as giota beag bácála nó cócaireachta.

Bíonn togha agus rogha de bhlastóga bia á n-ullmhú ag Aodh ‘an Cócaire Caithréimeach’ Ó Corcráin gach lá ina bhialann i dTír na mBascach, áit a bhfuil sé ag cur faoi i láthair na huaire. 

Inniu, tá 5 mholadh aige dúinn a dhéanfaidh cócairí níos fearr dínn.


1) Tosaigh le teicníc, ní le hoideas. 

tecnic

Athraím an biachlár gach lá sa bhialann, ag brath ar cad é atá séasúrach agus ar fáil sa mhargadh nó ag an ché ar an lá.

Bheadh barraíocht le ceannach dá mbeinn ag lorg comhábhar d’oidis éagsúla. Mar sin, is fearr cloí leis an réimse bia atá úr agus séasúrach.

Bím ag brath níos mó ar theicníc ná aon rud eile. Is é sin le rá go gcuirim cibé rud atá ar fáil amach os mo chomhair agus smaoiním ar an dóigh is fearr lena gcócaráil seachas ar an oideas a dtiocfadh liom iad a úsáid ann.

Más uibheacha atá i gceist, smaoinigh ar mhaith leat iad a bheith scrofa nó bruite.


2) Léigh, léigh agus léigh níos mó. 

nos

Baineann smaointeoireacht, stair, scéalta agus traidisiúin leis an chócaireacht.

Molaim go mór leabhair mar El Que Em Menjat le Josep Pla, Made in Italy le Giorgio Locatelli, La Mere Brazier le Eugene Brazier agus Nose to Tail Eating le Fergus Henderson.

Ní oidis amháin a gheobhaidh tú sna leabhair sin ach smaointe, scéalta agus ábhar machnaimh a rachaidh chun tairbhe duit agus tú ag cócaráil.


3) Bí teoranta

glasrai

Ag tógáil ar phointe a haon atá mé anseo.

In áit an bhéim a leagan ar an rud ba mhaith leat a bheith ag ithe, athraigh an fócas. Smaoinigh ar cad é atá ar fáil sa mhargadh nó sa siopa áitiúil.

Is iomaí áit anois inar féidir bosca glasraí nó feola a ordú ó mhargadh nó ó fheirm áitiúil.

Bí ag obair ansin le cibé cad é atá ar fáil agat.

Cuireann an cur chuige seo brú ort a bheith cruthaitheach le do chuid cócaireachta.

Ag athrú leis an dúlra a bheas tú agus is cinnte go mbeidh sé níos suimiúla dá bharr.

Cé go bhfuil cuid mhór roghanna againn mar gheall ar an bhia fhairsing atá sna ollmhargaí, go hiondúil bíonn daoine ag tarraingt ar na béiltí céanna ó thús go deireadh na bliana.

Bain triail as an chur chuige nua seo agus beidh tú ag súil le rudaí mar sméara dubha i mí Mheán an Fhómhair nó uainfheoil san earrach.

Lean comhairle ó bhanríon na cistine fiáine, Oonagh Ní Dhuibhir, agus gabh amach ag bailiú bia sa dúlra.


4) Faigh scian mhaith duit féin agus foghlaim cén dóigh lena húsáid.

chef

Is minic a dúirt mo mháthair liom, ‘a good workman doesn’t blame his tools‘.

Mar sin féin, ní drochrud é uirlisí maithe a bheith ar lámh agat.

Beidh sé níos sábháilte agus níos compordaí a bheith ag cócaireacht le scian mhaith ghéar.

Caith cúpla punt ar scian cócaire (chef’s knife) – thart ar €60 – agus beidh sé agat ar feadh do shaoil.

Beidh rud éigin de dhíth chun faobhar a chur uirthi fosta.

Píosa trealaimh eile atá maith ná pota Le Creuset a bheas agat go deo na ndeor.


5) Foghlaim cad é an dóigh le hoinniún a úsáid.

Fresh bulbs of onion

Is rud iontach saor agus iontach maith é an t-oinniún.

Agus mé i mo chónaí i dTír na mBascach, d’fhoghlaim mé le meas a bheith agam ar an ghlasra bheag shaor seo.

Is é an bunús é do bhéilí móra na hEorpa.

Gan é, cá mbeadh an Sofrito, Sofregit, Mirepoix agus Battuto?

Tá gach sú a chuirtear le rís agus pasta déanta le sofrito maith – meascán d’oinniún, gairleog, trátaí agus piobair.

Bain triail as oinniún a ghearradh ina mhionphíosaí agus déan é a fhriochadh go hiontach mall le giota maith ime nó ola olóige agus rud beag salainn.

Déan é a chócaráil ar feadh 45 nóiméad ar a laghad agus cuir rud beag uisce isteach má bhíonn sé de dhíth ó am go ham.

Seo bunús maith faoi choinne stobhaigh nó sú ar bith.