Cácaí an uafáis
bláisín de chiaróg dhubh duine ar bith?

Má tá rud ar bith chun fonn reatha a chur ort agus milseoga a sheachaint, déanfaidh an cáca ciaróige duibhe seo é.

An t-ealaíontóir bia Katherine Dey a rinne an cáca gránna, é chomh cosúil sin le ciaróg dhubh shiosarnach Mhadagascar ach é a bheith ollmhór!

Cé go bhfuil cuma scanrúil ar an mhilseog feithide ón taobh amuigh, tá sé déanta de chomhábhar siúcrúil blasta a chuirfeadh cúr le do bhéal.

Spúinse, seacláid, uachtar agus reoán tiubh….mmmmmmm!

Taispeántar san fhíseán gur úsáid Katherine seacláid mhúnlaithe chun an sliogán crua agus na cosa a chruthú.

Ansin, phéinteáil sí an corp le dathú bia.

pig

Ach ní seo an chéad uair a bhfuil cácaí den chineál seo déanta aici, ná baol air.

Tá achan uafáis idir leanbh marbh, colúr a bhfuil a chloigeann bainte dó, tóin faoi imscrúdú agus tráidire milseoige bunaithe ar ainmhithe a mharaítear ar na bóithre.

cake toin

“Spreagann go leor rudaí mé. Is maith liom é nuair atá cuma fhíorúil bheo ar rud éigin ach is é a mhalairt atá i gceist: nó nuair atá cuma shamhnasach ar cháca ach tá sé fíor-bhlasta,” ar sí.

maru ar an bhothar

Oibríonn Dey mar bhanaltra i Nua-Eabhrac agus tá sí ag obair ar na cineálacha cáca craiceáilte seo ar feadh roinnt blianta anuas.

Roghnaíonn sí ábhar a spreagann í óna cuid oibre féin – agus tchífidh tú go leor den anatamaíocht ina saothar – nó a mhúscail spéise inti ina gnáthshaol.

bab

Idir ghráin agus iontais, spreagann na cácaí cruthaitheacha seo mothúcháin agus tuairimí éagsúla i measc daoine, agus níor dhiúltaigh duine ar bith slisín fós!