Diúilicíní taobh istigh de 1/2 uaire
Scoth an bhia atá ar fáil go háitiúil!

Agus mé ag obair lá i ndiaidh lae le bia anseo i Mecca an domhan gastranamaíochta, Tír na mBascach, bím ag machnamh ar bhia na hÉireann – agus chítear dom go bhfuil plúr an bhia againn sa bhaile a dtig linn bheith bródúil as.

Is é ceann de na rudaí a chuireann bac ar dhaoine cócaráil le bia áitiúil úr ná nach bhfuil a fhios acu cad is féidir a dhéanamh leis.

Bhuel, tá muid chun tosú inniu le rud éigin iontach simplí atá ar cheann de na béilí is ansa liom – sliogáin dhubha, nó diúilicíní mar is fearr aithne orthu.

Tá diúilicíní anseo i dTír na mBascach fosta, ach níl siad leath chomh blasta, chomh mór ná chomh milis leis an chuid atá againn in Éirinn, go háirithe má bhailíonn tú féin iad.

Is mór an spórt é dul síos fán trá lá deas agus diúilicíní a bhailiú, go háirithe má tá páistí agat nó má tá daoine óga in éineacht leat!

Tá cuimhní breátha agam féin ar a bheith ag tóraíocht na ndiúilicíní le mo mhuintir.

Dóigh dheas atá ann seans a thabhairt do pháistí eolas a chur ar an dúlra, eolas atá á chailleadh againn, faraor.


Liosta comhábhar 

Diúilicíní 
3 chlóbh gairleoige
Leath oinniúin nó cainninne (leek)
fíon geal nó leann úll
Peirsil
Salann agus piobar
50g im

cleaning

Modh

1) Glan amach na diúilicíní. Tá físeán deas déanta ag Jacques Pépin dúinn.

2) Gearr an t-oinniún nó an chainneann ina phíosaí nó ina píosaí beaga (tá sé tábhachtach go mbíonn siad beag).

3) Bris an ghairleog ach ná bain an craiceann de agus ná gearr é.

4) Cuir gach rud isteach sa fhriochtán le chéile le salann agus piobar dubh.

5) Déan iad a fhriochadh san im ar teas íseal ar feadh 20 bomaite, nó go dtí go bhfuil siad iontach bog.

6) Cuir na sliogáin dhubha isteach (dhá dhornán an duine) agus gloine fíon geal nó leann úll.

7) A luaithe agus atá siad oscailte, tá siad déanta. Bain den fhriochtán iad agus ith iad le harán baile agus im.

Bainigí sult as bia blasta na hÉireann!