Dul i bhfiáin
Spaigití mara agus duilleoga caisearbháin i measc na n-iontas!

Agus an aimsir chomh deas sin i mbliana, tháinig agus d’imigh an geimhreadh i ngan fhios do bhanríon na cistine fiáine, Oonagh Ní Dhuibhir,  agus í ag tóraíocht léi amuigh sa dúlra.

Cé go bhfuil sé fós luath san Earrach, tá neart bianna blasta ar fáil faoi láthair, ach muid a bheith ar an eolas fúthu.

Is iomaí buntáiste a bhaineann le bia fiáin, é séasúrach, áitiúil, sláintiúil, cothaitheach, saor agus thar a bheith blasta.

Seo rogha Oonagh de 5 chineál bia ar féidir linn iad a thóraíocht an t-am seo bliana.


1) Tom aitinn (gorse)

Bíonn an t-aiteann faoi bhláth cuid mhaith den bhliain ach thabharfá faoi deara níos mó anois é ó tharla an duilliúr a bheith ar an ghannchuid.

Ar lá scamallach, bíonn cuma aoibhinn ar an aiteann, é mar a bheadh splanc buí óir a lasann an tírdhreach.

Tá sé an-phraiticiúil chomh maith agus bíonn i gcónaí fínéagar aitinn sa stór ag Oonagh.

Cuir na bláthanna buí ar maos i bhfínéagar maith agus fág ann iad ar feadh seachtaine.

Síothlaigh agus beidh an fínéagar fíorbhlasta agat ar féidir é a úsáid sa chistin.

Tugtar “cnó cócó na hÉireann” ar an aiteann mar gheall ar an bholadh álainn atá le brath uaidh.

Tá sé an-bhlasta in uachtar reoite freisin mmmmmm!


2) Garbhlus (cleaversgoosegrass)

Má thagann tú ar fhothain nádúrtha ar bith sa dúlra d’fhéadfá brath ar gharbhlus a bheith ag fás.

Planda sraoilleach atá ann, a ghreamaíonn de do chuid éadaí agus d’aithneofá ar an dóigh sin é.

Tá sé iontach blasta faoi láthair ó tharla na plandaí úra a bheith ag teacht chun cinn.

Amh nó cócaráilte, is féidir an t-iomlán a ithe.

Tá sé go haoibhinn i sailéid nó is féidir é a chaitheamh isteach le suaithfhriochadh.

Ag tarraingt ar dheireadh an tsamhraidh, is féidir na síolta a mheilt agus a úsáid in áit caife agus é níos deise ná aon chaife!


3) Spaigití mara

Tá an fheamainn seo i measc an chuid is ansa le hOonagh go cinnte.

An t-am seo bliana is fearr i bhfad lena tóraíocht.

Fásann sí ó chnaipe a bhíonn greanta ar imeall carraige.

Beidh ort í a ghearradh ach bí cinnte go bhfágann tú an tríú chuid di taobh thiar díot le go mbeadh sí in ann fás arís.

Is minic a itheann Oonagh an spaigití mara i sailéid, tar éis í a chur ar maos thar oíche i maranáid anlann soighe agus sinséir.

Is féidir í a úsáid in áit gnáthspaigití freisin.

Geallann an bhanríon fhiáin nach mbeidh suim dá laghad agat pasta a ithe feasta tar éis duit an spaigití seo na farraige a bhlaiseadh.

Aimsigh trá ar a bhfuil fáil agat dul amach ar na carraigeacha nuair atá lag trá ann.

Mar a luífeadh gruaig fhada ar bharr uisce, is furasta an spaigití mara a aimsiú!


4) Feamainn dhearg (nori)

“Máthair na Farraige” í an fheamainn seo, ar a thugtar sa tSeapáin.

Feamainn gheimhridh is ea í a úsáidtear le duilleoga sushi a dhéanamh.

Fásann sí ar charraigeacha agus d’aithneofá go furasta í mar gur cosúil don domhan mór gur mála plaisteach dubh atá ann a ghreamaigh den charraig.

Tar éis í a bhaint ón charraig agus a ní go maith, cuir ar suanbhruith í in uisce agus anlann soighe.

Déanfar taos álainn di is féidir a chur ar chraicir.

Is é an fíor-umami é.


5) Duilleoga caisearbháin

Labhair Oonagh faoin bholgán caisearbháin roimhe ach tá na duilleoga iontach faoi láthair.

Níl aon chuid den bhlas searbh sin a shamhlaítear leo nuair atá siad faoi bhláth i gceist.

Sula dtagann sé faoi bhláth, bíonn blas milis ar na duilleoga.

Ithigí bhur sáith mar gur tonaic iontach é a thabharfaidh spreagadh don chorp!


Tá na plandaí ar fad a luaitear anseo agus eile ar fáil i leabhar nua Oonagh Ní Dhuibhir. Tabhair cuairt ar a suíomh anseo