Fíon… gan fíonchaora?
Tá an deoch anois á chruthú i saotharlann

Úlla agus ceirtlis.

Hopaí agus leann.

Fíon agus fíonchaora.

Tá na comhcheangail sin chomh nádúrtha leis an bpóit a thugann siad duit, ach seans amach anseo nach mbeidh gaol chomh dlúth eatarthu agus atá inniu.

Ava Winery is ainm don fhíonlann sa Chalafóirn atá ag cruthú fíonta i saotharlann gan aon fhíonchaora mar chuid den phróiseas.

Déanann na heolaithe a oibríonn ann aithris ar na cumaisc éagsúla atá le fáil i bhfíon, na móilíní a thugann an blas, an dath agus an uigeacht don deoch coitianta clúiteach.

Cuir isteach uisce, siúcra agus eatánól, mar aon le roinnt teicnící a ligeann don fhíon forbairt le haois, agus tá deoch díreach ar nós fíona agat, dar leis an fhíonlann atá lonnaithe in San Francisco.

Pinot Noir agus Moscato d’Asti an dá fhíon is mó atá cruthaithe acu go dtí seo.

Ó seoladh Ava cúpla bliain ó shin tá léirmheasanna éagsúla faighte ag a gcuid fíonta ach deir an comhlacht go bhfuil feabhas á chur ar a bpróiseas i gcónaí acu agus go bhfuil máistreacht á fáil acu ar an cheird.

Faoi dheireadh na bliana seo tá súil acu go mbeidh an fíon sintéiseach ar díol i siopaí i SAM agus tá pleananna ar bun acu cheana féin é a easpórtáil chun na hEorpa agus na hÁise chomh maith.

An mbeadh sibh sásta é a thriail a Nósadóirí, nó arbh fhearr libh cloí le toradh na gcaor?

  • Steve Ryan

    Is fearr liom mo fhíon ar an nós tráidisiúinta! Tá mé i mo chónaí in aice le SF, afách; b’fhéidir gur chóir dom dul ar cuairt ar an fíonlann!