FÍSEÁN: Scríbhneoirí NÓS i mbabhta dátheangach bácála

Ghlac colúnaí Gaelg NÓS, Isla Callister, agus eagarthóir na hirise, Maitiú Ó Coimín páirt in ‘Beidhc-Obh Mór Mhuir Éireann’, nó ‘Ard-Co-Fuinney Vooir Vannin’, ag an deireadh seachtaine. Reáchtáladh an ócáid mar chuid den fhéile Cassan a bhí ar siúl an tseachtain seo caite leis na naisc idir Gaeil na hÉireann agus Gaeil Mhanann a láidriú.

Ba ag bácáil ‘bonnag’ nó ‘bonnóg Mhanann’ a bhí an bheirt scríbhneoirí agus iad beirt ag labhairt ina gcuid Gaeilge féin – Maitiú ag labhairt i nGaeilge agus Isla ag labhairt i Manainnis.

“Bhain mé an-taitneamh as an seisiún bácála, agus bhí sé go deas na teachtaireachtaí ón lucht féachana a fheiceáil ag teacht isteach i nGaeilge agus i Manainnis. Bhí roinnt mhaith daoine ag bácáil ín éineacht linn agus ba dheas toradh a gcuid oibre a fheiceáil ar na meáin shóisialta ina dhiaidh.

“Tá aithne agam ar Isla le tamall de bhlianta anuas, ó d’fhreastail mé ar fhéile Ghaelach i Manainn cúpla bliain ó shin, agus bíonn muid ag caint trí théacsanna agus ríomhphost den chuid is mó idir Ghaeilge, Ghaelg agus Bhéarla. Bhí imní orm go mbeadh fadhbanna tuisceana ann ar an lá ach d’éirigh go maith linn muid féin a chur in iúl dá chéile,” a dúirt Maitiú.

Ba iad lucht Chraobh Bhoirche Íochtar de Chonradh na Gaeilge a d’eagraigh an fhéile idirGhaelach Cassan an tseachtain seo caite, craobh a bhfuil go leor oibre déanta aici le blianta beaga anuas an nasc idir Manainn agus Éire a láidriú. Bhí imeachtaí eile ar siúl i gcaitheamh na seachtaine freisin ar nós ranganna amhránaíochta, ranganna teanga, agus cainteanna faoi éanlaith na n-oileán.

Is ceoltóir cumasach as Manainn í Isla Callister a fuair a cuid scolaíochta sa Bhunscoill Gaelgagh, scoil lánGhaelach san oileán. Bíonn sí ag scríobh i Manainnis go tráthrialta do NÓS.

https://twitter.com/islacallister/status/1373617422909980672

Seo na treoracha le haghaidh ‘Bonnóg Mhanann’:

455g plúr éiritheach
115g im (nó im veigeánach)
55g siúcra
170g torthaí measctha triomaithe
1tsp décharbónáit sóidiam
1stp gealtartar
500ml bláthach (nó meascán veigeánach bláthaí)
Siúcra donn

1) Cuir an plúr i mbabhla measctha
2) Gearr an t-im ina chnaipíní beaga
3) Cuimil an t-im agus an plúr go mbeidh an meascán cosúil le brioscaí briste
4) Cuir isteach an siúcra, na torthaí, an gealtartar agus an décharbónáit sóidiam
5) Doirt isteach an bláthach agus measc go maith le chéile é
6) Fág an taos ar leataobh ar feadh 30 nóiméad
7) Téigh an t-oigheann go 180ºC
8) Agus an taos éirithe, cuir i stán cearnógach bácála é
9) Croith siúcra donn ar a bharr
10) Cuir san oigheann é ar feadh 30 nóiméad

Nuair a bheidh sí bácáilte, clúdaigh le tuáille bog an bhonnóg.