Oideas: Pancóga gan aon phlúr!

Nuair a cuireadh faoi ghlas sinn ar fad breis agus mí ó shin, bhíomar go léir (bhuel, mise agus cairde liom) ag súil leis an méid bácála a dhéanfaimis, agus n’fheadar éinne ach na cístí deasa agus an arán a dhéanfaimis, agus oideas nua beartaithe againn a thriail gach aon lá. 

Bhuel, tá an tobar san na n-oideas ag triomú agus easpa foighne chun tabhairt faoin gcistin ag bagairt orainn go léir. Má tá aon bhlúirín in aon chor fuinnimh fós fanta ionat chun oideas nua amháin eile a thriail, sé seo é. Mar go bhfuil tapaidh agus sásóidh sé an chlann go léir.

Pancóg gan aon phlúr is ea é. Bíonn sé agamsa don mbricfeasta nó go deimhin don lón, agus tá líonadh ann, bí siúrálta.

Oideas

1 banana

2 ubh

(spúnóg beag síolta chia, nó/agus spúnóg bheag cnó cócó mion, más mian ach ní gá)

Measc le chéile go maith iad le do lámh i mbabhla nó má tá Nutribullet agat, is fearr ná san é.

Leáigh braoinín ola cnó cócó ar an bpanna agus smear timpeall é chun go mbeidh an panna clúdaithe leis an ola. Doirt isteach an banana agus na huibheacha agus ba cheart go gclúdódh sé bun an phanna ar fad. Fág 4 nóimeant nó mar sin é, agus má theastaíonn uait é a iompú, déan, ach brisfidh sé, mar sin cuir fén ngríoscán é ar feadh neomat nó dhó eile agus sin é! Simplí!

Cuirimse torthaí ar an mbarr agus mil, nó síolta, nó aon ní is maith leat.

Seol chugainn na pictiúir má thugann sibh faoi seo!