Oideas Shláine do ‘Scónaí Bhóthar Aonghuis’

Cupaí atáim chun a úsáid an uair seo seachas graim. Má tá na cupaí speisialta stáin sin ag éinne a úsáidtear chun comhábhair a thomhais le linn bácála, is é seo an t-am an plaisteach a bhaint díobh agus iad a úsáid den gcéad uair! 

Fuaireas féin dhá bhabhta mar bhronntanas iad agus táim á n-úsáid níos minicí anois, mar táid fuirist, tapa agus éasca le rinseáil.

Is iad seo scónaí Bhóthar Aonghuis (‘Aon-Aois’ a deirtear)! Chuas ag piocadh sméar inné agus táid flúirseach, rábach agus cliatháin na mbóithre breac leo. Anois an t-am iad a phiocadh sula ngeibheann an diabhal cuil ghorm chucu.

2 cupa plúr bán speilte

Spúnóg mhór púdar bácála

¼ spúnóg salainn

1/3 cupa íle cnó cócó/im Chiarraí

¼ cupa síoróip mhailpe

1/3 cupa uisce bog

1 cupa sméara dubha

Ubh/íle cnó cócó le smearadh ar barra

Cuir páipéar bácála ar mhias don oigheann agus ardaigh teocht an oighinn go 175°C

Measc na hábhair thirime le chéile i mbabhla mór.

Leáigh an t-íle/an t-im i bpota ar theocht íseal ar an sorn.

Measc an t-uisce bog, an tsíoróip agus an t-íle/an t-im leis an stuif thirim agus measc na sméara isteach go cúramach. Beidh dath aoibhinn ar an meascán.

Ní gá an taos a smearadh ar an gcuntar, ach sé cinn do bhlúirí taois a smearadh ar an bpáipéar bácála, agus blúire íle cnó cócó leáite nó ubh (buailte) a smearadh ar bharra na haon scóna.

Cuir san oigheann é ar feadh 20 nóiméad agus lig dóibh fuarú ar thráidire le haer faoi.

Ní ardóidh siad seo puinn, toisc gur speilt atá in úsáid, agus ní gá iad a ghearradh i dhá leath chun iad a ithe, fiú, ach iad a alpadh siar as do dhorn! 

Go haoibhinn 🙂