Tá Aodh Ó Corcráin ina chónaà i dtuaisceart ThÃr na mBascach, áit a bhfuil sé i mbun gnÃomhaÃochta, agus cócaireachta, i mbaile beag cósta. Gach seachtain cuireann sé oideas ar fáil do léitheoirà NÓS agus d’éisteoirà Raidió na Life – is féidir éisteacht lena mhÃr bhia ar chlár maidine an stáisiúin, An Bricfeasta Blasta, anseo thÃos. Inniu tá ceann de phrÃomhtháirgà na hÉireann aige dúinn, putóg dhubh!
Bhà seans agam bia as ár dtÃr féin a ullmhú do ghrúpa Bascach an tseachtain seo caite as siocair gur tháinig mo mháthair ar cuairt chugam go Euskal Herria agus, mar a dhéanann máithreacha na hÉireann, thug sà neart bia ón bhaile léi!
Tugadh cuireadh dúinn freastal ar oÃche a bhà á reáchtáil ag an chumann gastranómachais chun togha agus rogha bhia na hÉireann a chócaráil do na haficionados Bascacha seo.
Le scéal fada a dhéanamh gairid, bhà dúil mhór acu i bputóg dhubh s’againne agus dúirt cuid acu go raibh sé nÃos fearr ná a gcuid féin – rud iontach conspóideach ar fad do Bhascach a bheith á rá!
Seo oideas daoibh mar sin don phutóg dhubh, le muirÃnÃ, mar a rinne mé é do na Bascaigh – blaiseadh de scoth an bhia atá ar fáil idir mhuir agus shliabh in Éirinn.
Na comhábhair:
– Putóg Dhubh
– MuirÃnà (scallops)
– Uisce Beatha
– Uachtar
Frioch an phutóg dhubh ar dtús ag déanamh cinnte nach bhfágann tú rófhada á friochadh mar ba mhaith leat à a bheith deas bog sa lár.
Cuir an phutóg ar leataobh agus frioch na muirÃnà agus bà iontach cúramach.
Ach an oiread leis an phutóg, nÃor mhaith leat iad a chócaráil a bharraÃocht!
Bomaite an taobh agus chan nÃos faide.
Úsáid an friochtán céanna chun an t-uisce beatha a dhó.
Leathghloine (agus gloine don chócaire!) isteach san fhriochtán te.
Cuir tuilleadh teasa leis agus lig don alcól dó.
Nuair atá an t-alcól imithe, bain den teas é agus measc an t-uachtar isteach leis.
Cuir gach rud le chéile leis an sú thart air.
Dá mba mhian leat an pláta seo a dhéanamh mar phrÃomhchúrsa, molaim cál/cabáiste agus prátaà bruite a chur leis.
Bainigà sult!
BÃonn An Bricfeasta Blasta ar siúl ar Raidió na Life, Luan go hAoine, ar 8rn-9rn agus bÃonn Aodh le cloisteáil gach Céadaoin.