Scoth an Bhlastáin…
cuirfidh fínéagar blas ar a lán!

Is minic muid ag cur blastán lenár mbia.

Is ea, salann, piobar agus siúcra, ach fínéagar chomh maith.

Cuidíonn fínéagar gearradh fríd saill, rud atá de dhíth mar shampla agus tú ag ithe geilitín.

Cuidíonn fínéagar go mór le feoil a mbíonn giota maith saille ann mar uaineoil, crúibíní muice, ceann bó, nó fiú iasc.

Mar sin de, is maith liom i gcónaí vinaigrette a dhéanamh ar maidin roimh lón le go mbeadh fáil agam air sa chistin.

Is maith liom cuid mhór luibheanna a úsáid agus mé á ullmhú agus leithéidí mil, caprais, seallóidí, uibheacha nó giota beag mustaird a chur leo.

Is breá liom líomóid a úsáid nuair atá mé in áit a bhfuil líomóidí maithe ar fáil ach tá sé measartha deacair teacht orthu i ngoirt fhuara na hÉireann.

Is fiú mar sin aithne a chur ar fhínéagar ar féidir a réiteach go furasta bunaithe ar na luibheanna agus an bia atá ar fáil thart ort.

Bíonn moladh nó dhó ag Banríon na Cistine Fiáine, Oonagh Ní Dhuibhir, dúinn do bhia atá ag fás amuigh sa dúlra in Éirinn a bheadh fóirsteanach le haghaidh fínéagar séasúrach.

Mhol sí cineál duilisc a dtugtar míobhán air a d’fhéadfá a thriomú agus a mheilt agus é a úsáid mar tharsann (blastán) i gcaitheamh na bliana.

Bheadh fínéagar fíon úll ina thús maith agus é fóirsteanach do gach oideas.

Tá sé séimh agus furasta le hithe fosta.

Triail cearc a chócaireacht i bhfínéagar agus rud beag uisce, nó nuair atá tú críochnaithe le rud éigin a fhriochadh, croí lacha mar shampla, cuir gléas fínéagair air… mmmmm!

Bain triail as glasraí ar nós cabáiste nó oinniúin a chur isteach i roinnt prócaí fínéagair chun glasraí picilte a dhéanamh.

Nó, cuir uibheacha nó cainneann bhruite isteach le roinnt fínéagair chun apéritif beag a dhéanamh.

Tá liosta na bhféidearthachtaí fada.

Is é buidéal beag é seo atá chomh tábhachtach le salann agus ola sa chistin domhsa!