Cailliúint mhór é Guinness an Chollege Bar
Dialann Dhomhnaill

Seachtain a haon: tagtha agus imithe. Tús maith leath na hoibre srl. Cén tuairisc atá le tabhairt agam uirthi? Bhuel, ach an oiread le rud ar bith eile, meascán de mhothúcháin. 

Mar a cheap mé, bhí an chéad seachtain sách éasca. Bhí go leor den ábhar a bhí á thaispeáint dúinn déanta againn anuraidh ach ba rudaí iad a bhí an-tábhachtach mar bhunchloch don staidéar níos doimhne atá le theacht.

Mar sin féin, feictear dom nach bhfuil sé chomh héasca sin socrú síos leis an ábhar sa mbaile agus a bheadh sé dá mbeinn istigh sa léachtlann. 

Ghlac mé le mo chomhairle féin: fuair mé péire spéaclaí don solas gorm dom féin, ní bhíonn mé i mo sheomra codlata an fhad agus a bhíonn léacht ag dul ar aghaidh agus bíonn cupán tae i gcónaí le mo thaobh.

Ach fós féin níl sé chomh héasca céanna díriú ar na léachtaí agus a bheadh dá mbeinn istigh ag an gcoláiste. Is dóigh liom go dtéann mo intinn isteach i mód foghlama nuair a théann mé isteach sa bhfoirgnimh innealtóireachta nach bhfuil ar fáil dom nuair atá mé sa mbaile.

Tá a fhios agam nach leithscéal an-mhaith é sin. Leis an gcuma atá ar chúrsaí beidh orm foghlaim cén chaoi le greim a fháil ar an mód sin nó beidh orm an dara bliain a dhéanamh arís an bhliain seo chugainn. Mar sin dún do chlab a Dhomhnaill agus déan é! Agus déanfaidh ach is déagóir fós mé mar sin, faoi láthair ar a laghad, tá sé de dhualgas orm a bheith ag tabhairt amach faoi mo chuid fadhbanna seachas leigheas a fháil orthu.

Rud eile a tharla an tseachtain seo sna léachtaí ná go raibh na léachtóirí uilig ag tabhairt moltaí dúinn faoi leabhra a bheadh úsáideach maidir le léamh breise a dhéanamh ar an ábhar ach is é an rud iontach faoin gcúrsa innealtóireachta ná go ndeireann chuile mhúinteoir: 

“of course this is optional reading and you’ll find everything you need in the lecture notes.” 

“Buíochas le Dia” a deir mo sparán.

B’fhéidir go mbíonn níos mó uaireanta istigh sna ranganna ag innealtóirí ná mar a bhíonn ag mic léinn na ndán ach ní bhíonn an mála chomh trom orainn le leabhra agus bíonn níos mó airgid againn le caitheamh istigh sa gCollege Bar. Airím uaim go mór na piontaí deasa Guinness.

Cé gur chailliúint mhór é an Guinness agus gur pian sa tóin iad na léachtaí ar líne tá rud amháin cineál handy faoin gcineál seo foghlama. Déantar taifeadadh ar chuile léacht beo agus cuirtear suas ar an aip/suíomh é ar a bhfuil ár gcuid nótaí uilig. 

Abair nach raibh duine éicint in ann a bheith i láthair nuair a bhíonn an léacht ag dul ar aghaidh mar gheall go raibh siad ag déanamh rud éicint “tábhachtach” eile (ní ag codladh dar ndóigh) is féidir leo breathnú ar an léacht arís ag am éicint eile. 

Ach is mac léinn stuama mise nach gcaillfeadh léacht go brách mar sin ní bhíonn ormsa dul siar riamh le breathnú ar léacht arís. (Ba cheart go gcoinneodh sé sin mama sásta ar fhaitíos go léifeadh sí é seo.)

Tá go maith, sin a bhfuil le rá agam faoin gcéad seachtain. Aisteach, ach mar sin féin tá chuile short aisteach faoi láthair.